94
a inġean a ṗósaḋ le fear nár ṁaiṫ léiṫe féin” agus go raiḃ an oiread sin de luṫ- gáire air, í a ḃeiṫ air ais leis, go dtiúḃraḋ sé a toġa ’s a roġa féin dí ameasg fear an doṁain, dá mbuḋ h-é fear glanta na sgeanna féin do buḋ ṁian léiṫe, aċt aṁáin deifir a ḋeunaṁ go ḃfuigeaḋ sé féin agus a mátair ann a raḋarc aris í. Ṫaisbéan sí an litir do Ġoillís agus ann sin ċuaiḋ sí léiṫe féin ċum an ṗáláis, agus is roimpi-se do ḃí an fáilte.
D’innis sí dá h-aṫair agus da máṫair an méad a rinne Goillís dí, agus mar ṡáḃáil sé a h-anam trí uaire, agus faoi ḋeire duḃairt sí, muna dtiuḃraḋ siad Goillís dí le pósaḋ, agus áird-ṫíġearna mór a ḋeunaṁ ḋé, naċ bpósfaḋ sí fear go bráṫ.
Duḃairt an ríġ go leigfeaḋ sé ḋí rud air biṫ a ḋeunaṁ a ṫógróċaḋ sí féin, agus d’or- duiġ se Goillís do ġlaoḋaċ asteaċ aca.
Nuair a ṫáinig sé asteaċ ċuca duḃairt uile ḋuine a ḃí ’san b-pálás naċ ḃfacaiḋ siad ariaṁ fear buḋ ḃreáġa ’ná é, agus ṡeas an Rig suas roiṁe agus ṫug sé póg dó agus ċuir sé fáilte roiṁe, agus rinne sé tiġearna ḋé. Ċuir an ḃainrioġain fáilte roiṁe, ann sin, agus an ċúirt uile.