140
ġearraḋ. Ḃí an ḟuil ag teaċt. Ḃain sé an ceann dé annsan deireaḋ. Ċaiṫ sé an ceann annsan sgiléad. Ḃain sé feiṫeaṁ as. Nuair ṁeas sé an ceann a ḃeiṫ foċta (fiuċṫa?) go leór ṫug sé iarraiḋ air an sgiléad. Fuair sé greim air an dá ċluais. Ṫuit an ceann ’nna “ġileagar;” ṫáinig an dá ċluais leis. Ḃí an ḟuil teaċt go mór. Ḃí sé dul síos air ḋoras an rúm. Nuair ċonnairc an ríġ é ag dul síos ḃí ḟios aige go raiḃ a ṁac marḃ. D’iarr sé an doras ḟosglaḋ. Ní ḟosgólaḋ Niall o Cearḃuiḋ an doras. Ḃris siad an doras. Ḃí an fear marḃ. Ḃí an t-urlár lán fola. Rug siad air Niall o Cearḃuiḋ. Ḃí sé le croċaḋ, lá air na ṁáraċ. Ċruinniġ gárda go n-iomċaraḋ siad é ’n áit a raiḃ sé le croċaḋ. D’imṫiġ siad an lá air na ṁáraċ, leis. Ḃí siad ag siúḃal leó ag tarraing air an g-crann go g-croċfaiḋe é. Ḃac siad a sgairteaċ. Ċíḋ siad fear stripeálta ag deunaṁ reaṫa. Nuair ċonnairc siad é ḃí ceó uisge ’nna ṫimċioll le méad a ḃí sé ’riṫ. Nuair ṫáinig se (coṁ) fad leó, “cad é tá siḃ deunaṁ le mo ṁáiġistir?” “Má ’s é seó do ṁáiġistir, seun é, no geoḃaiḋ tu an láiṁsiuġaḋ ceudna.” “Is mise is cóir sufrál (fulang), mise rinne