141
an failliġe. Ċuir sé mise i g-coinne medsin (droganna) agus ní ṫáinig mé i n-am. Sgaoiliḋe mo máġistir, b’éidir go léiġisfimís mac an ríġ go fóil (fós).” Sgaoil siad é. Ṫáinig siad go teaċ an ríġ. Ċuaiḋ an fear ruaḋ annsan áit a raiḃ an fear marḃ. Ṫosaiġ se ag cruinniuġaḋ na g-cnáṁ a ḃí annsan sgiléad. Ċruinniġ se suas a lig (uile) iad, go dtí an dá ċluais. “Cad é rinn tu leis na cluasaiḃ?” “Ni’l ḟios agam,” dubairt Niall o Cearḃuiḋ, “cad é rinn me leó, ḃí mé sgannruigṫe coṁ mór sin.” Fuair an fear ruaḋ na cluasa. Ċuir sé i g-cuideaċt a ċéile iad uile. Ṫarraing se luiḃ ġlas as a ṗóca. Ċuimil sé ṫart do’n ċeann í. D’ḟás croicionn air agus gruag ċoṁ maiṫ agus ḃí sé ariaṁ. Ċuir sé an ceann annsan sgiléad ann sin. Ḃain sé feiṫeaṁ as. Ċuir sé an ceann air an muineul coṁ maiṫ agus ḃí sé ariaṁ. D’éiriġ mac an ríġ annsan leabuiḋ. “Go dé mar tá tu ’nois?” ar san fear ruaḋ. “Tá me go maiṫ, ar san mac-an-ríġ, “aċt go ḃfuil me go lag.” Sgairt an fear ruaḋ arís air an ríġ. Ḃí luṫġáire ṁór air an ríġ ann sin nuair ċonnairc sé a ṁac beó. Ċaiṫ siad an oiḋċe sin go pléisiúrḋa. Lá