Jump to content

Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/186

From Wikisource
This page has not been proofread.

172

deunfaiḋ mé anois?” ar Dóṁnal leis féin, “marḃfaiḋ Diarmuid mé, air ċaoi air biṫ raċaiḋ mé aḃaile, agus innseóċaiḋ mé an ḟírinne. Nuair ċuaiḋ sé aḃaile d’ḟiafruiġ Diarmuid dé, “ar ḋíol tu an coirce,” “Ḋío- las, agus ḟuaireas luaċ maiṫ ar,” ar Dóṁ- nal. “Tabair dam an t-airgiod,” ar Diarmuid. “Ní’l sé agam,” ar Dóṁnal, “ċaill me uile ṗíġin dé ag imirt cárda ag an teaċ leaṫ-ḃealaiġ. “Mo ṁallaċt agus mallaċt na ceiṫre fir fiċid ort,” ar Di- armuid. Ċuaiḋ sé agus d’innis do’n ṁáṫair an cleas a rinne Dóṁnal. “Taḃair pár- dún dó an t-am so,” ar san ṁáṫair agus ní ḋeunfaiḋ sé arís é.” “Caiṫfiḋ tu uallaċ eile ḋíol amáraċ, ar Diarmuid, agus má ċailleann tu an luaċ, ná tarr ann só.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, ċuir Dóṁ- nal uallaċ eile air an g-cairt agus d’imṫiġ go Gailliṁ. Ḋíol sé an coirce agus fuair luaċ mór air. Nuair ḃí sé teaċt a ḃaile agus i ngar do’n teaċ leaṫ-ḃealaiġ duḃairt sé leis féin, “Druidfiḋ mé mo ṡúile, go dtéiḋ’ mé ṫar an teaċ sin le faitċios go m- beiḋeaḋ caṫuġaḋ orm do ḋul asteaċ. Ḋruid sé a ṡúile, aċt nuair ṫáinig na capaill ċoṁ fada leis an teaċ-ósta do ṡeasadar agus