Jump to content

Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/187

From Wikisource
This page has not been proofread.

173

ní raċaḋ siad céim níos faide, mar buḋ ġnáṫaċ leó coirce agus uisge d’ḟáġail ’san áit sin, uile am ḃíḋeaḋ siad a’ teaċt as Gailliṁ. D’ḟosgail sé a ṡúile, ṫug coirce agus uisge do na caplaiḃ, agus ċuaiḋ asteaċ le splanc do ċur ann a ṗíopa.

Nuair ċuaiḋ sé asteaċ ċonnairċ sé na buaċailliḋ ag imirt cárda. D’iarradar air imirt, agus b’éidir go gnóṫóċaḋ sé an méad do ċaill sé an lá roiṁe. Mar tá caṫuġaḋ air na cárdaiḃ ṫoisiġ Dóṁnal ag imirt agus níor stop gur ċaill sé uile ṗíġin d’á raiḃ aige. Ní’l aon ṁaiṫ ḋam dul aḃaile anois,” ar Dóṁnal, “cuirfead na capaill agus an ċairt anaġaiḋ an ṁéid a ċaill mé.” D’imir sé arís, agus ċaill sé na capaill agus an ċairt. Ann sin ní raiḃ ḟios aige creud do ḋeunfaḋ sé, agus smuain sé agus duḃairt, mur (muna) dtéiḋ’ mé aḃaile béiḋ imniḋe air mo ṁáṫair ḃoċt. Raċaiḋ mé a ḃaile agus innseóċaiḋ mé an ḟírinn’ dí. Ní ṫig leó aċt mo ḋíbirt.

Nuair ṫáinig sé aḃaile, d’ḟiafruiġ Diar- muid dé, “Ar ḋíol tu an coirce? no cá ḃḟuil na capaill agus an ċairt?” “Ċaill mé an t-iomlán ag imirt cárda, agus ni ṫiuc- fainn air ais, aċt le mo ḃeannaċt d’ḟágḃáil