178
ann am dúinn dul ’nn ár gcodlaḋ; cia an áit b’ḟearr leat, air coluaḋ no ag an mballa?”
“Raċad anaice leis an mballa,” ar san fear boċt. Ċuadar annsan leabuiḋ ag fág- ḃáil na coinnle ’nna lasaḋ.
Ní raḃadar a ḃfad ’sa’ leabuiḋ, go ḃfa- cadar triúr fear a’ teaċt asteaċ, agus eud- tromán aca. Ṫoisiġeadar ag bualaḋ báire air an urlár aċt ḃí beirt aca anaġaiḋ aoin. Duḃairt Dóṁnal leis an ḃfear boċt, “Ní’l sé ceart do ḃeirt do ḃeiṫ anaġaiḋ aoin, agus leis sin léim sé amaċ, agus ṫoisiġ ag cuideaċtan leis an taoiḃ laig, agus é gan snáiṫe air. Annsin ṫoisiġ siad ag gáiriḋe, agus ṡiúḃail siad amaċ.
Ċuaiḋ Dóṁnal ann a leabuiḋ arís, aċt ní raiḃ sé a ḃfad ann, go dtáinig píoḃaire asteaċ, ag seinm ceóil ḃinn. “Éiriġ suas,” ar Dóṁnal, “go mbéiḋ daṁsa ’gainn, is mór an truaġ ceól breáġ do leigeant amúġa. “Air do ḃeaṫa, ná corruiġ,” ar san fear boċt. Ṫug Dóṁnal léim amaċ, agus ṫoisiġ ag daṁsa, go raiḃ sé sáruiġṫe. Ann sin ṫoisiġ an píobaire ag gáiriḋe, agus ṡiúḃail amaċ.
Ċuaiḋ Dóṁnal ann a leabuiḋ arís aċt ní