179
raiḃ sé ḃfad ann gur ṡiúḃail beirt ḟear asteaċ ag iomċar cónra (cóṁra). Leag siad air an urlár é, agus ṡiúḃail siad amaċ. “Ní’l ḟios agam cia atá ’sa’ g-cóṁra, no an dúinne tá sí,” ar Dóṁnal, raċaiḋ mé go ḃfeicfiḋ mé.” Ṫug sé léim amaċ, ṫóg clár na cóṁra, agus fuair fear marḃ ann. “Dar mo ċóinsias, is fuar an áit atá agad,” ar Dóṁnal, “dá ḃfeudfá éiriġe agus suiḋe ag an teine ḃeiḋeá níos fearr.” D’éiriġ an fear marḃ, agus ṫéiġ é féin. Ann sin du- ḃairt Dóṁnal, “tá an leabuiḋ fairsing go leór do ṫriúr.” Ċuaiḋ Dóṁnal ’sa’ lár, an fear boċt ag an mballa, agus an fear marḃ air an g-coluaḋ. Níor ḃfad gur ṫoisiġ an fear marḃ ag brúġaḋ Dóṁnail, agus Dóṁ- nal ag brúġaḋ an ḟir ḃoiċt, go raiḃ sé ion- nann agus marḃ agus b’ éigin dó léim do ṫaḃairt ṫríd an ḃfuinneóig, agus Dóṁnal agus an fear marḃ d’ḟágḃáil ann sin. Ḃí an fear marḃ ag brúġaḋ Dóṁnail gur beag nár ċuir sé ṫríd an mballa é.
“Léirsgrios ort,” ar Dóṁnal, “is díom- buiḋeaċ an fear ṫú, leig mé amaċ as an g-cóṁra ṫu, ṫug mé teas teine agus roinn mo leaḃuiḋ ḋuit, agus anois ní ċongḃóċaiḋ tú socair, aċt cuirfiḋ mise amaċ as an