190
cúirte, agus ċonnairc siad na cleiṫeaċa a ḃí air a g-cuid tiġṫeaḋ ag snáṁ ’san uisge. Ċuireadar fios air na bráiṫriḃ, agus d’iar- radar orra dul go Cronnán agus síoṫċán d’ḟuagraḋ, agus do ráḋ leis, naċ g-cuir- feaḋ siad níos mó de ṫrioblóid air. Ċuaiḋ na ḃráiṫre ċum na cúirte. Ċuir Cronnán fáilte orra, agus d’ḟiafruiġ creud do ḃíḋea- dar ag iarraiḋ. “Ṫáncamar ó na sagar- taiḃ, le síoṫċán d’ḟuagraḋ ort, ní ċuirfiḋ siad aon trioblóid ort níos mó.” “Is maiṫ ḋóiḃ sin,” ar Cronnán. “Tigiḋ liom anois, go ḃfeicfiḋ siḃ mé ag cur cleiṫ na dtiġ- ṫeaḋ air ais.” Ċuadar leis ċoṁ fada leis an aḃainn; ann sin ṡeid sé sineán as gaċ pol- láire. D’éiriġ cleiṫeaċa na dtiġṫeaḋ ċoṁ maiṫ a’s ḃíḋeadar nuair cuireaḋ suas iad i dtosaċ. Ḃí iongantas air na sagartaiḃ agus duḃairt siad le ċéile, “ Ní’l cúṁaċt na draoiġeaċta marḃ, ná díbirte as an tír fós.” Ó’n lá sin amaċ ní raċaḋ sagart ná duine air biṫ eile anaice le cúirt a’ Ċronnáin.
Bliaḋain anḋiaiġ báis Ṁáire ní Ċiara- ċáin, ḃí pátrún i g-Coillte-broncais. Ḃí fir óga go leór cruinniġṫe ann, agus ’nna me- asg ḃí Páidín mac Ṁáire ní Ċiaraċáin.