Jump to content

Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/205

From Wikisource
This page has not been proofread.

191

D’óladar uisge-beaṫa go raḃadar air mire. Nuair ḃíḋeadar teaċt aḃaile duḃairt Pái- dín o Ciaracáin, “Tá go leór airgid ’sa’ g-cúirt sin ṡuas, agus má tá meisneaċ agaiḃ tig linn a ḟáġail.” Mar ḃí an t-ól ionnta duḃairt dá reug (deug) aca, “tá meisneaċ againn agus raċamaoid go dtí an ċúirt.” Nuair ċuadar go dtí an doras duḃairt Páidín o Ciaraċáin, “Fosgail an doras no brisfimíd é.” Ṫáinig Cronnán amaċ agus duḃairt, “muna dtéiḋ siḃ abaile, cuirfeaḋ codlaḋ míosa orraiḃ.” Ṡaoileadar greim d’ḟáġail air Ċronnán, aċt ċuir sé sineán gaoiṫe as a ṗolláiriḋiḃ, agus d’ḟuadaiġ na fir óga go lios dar b’ ainm Lios-trom- neul, agus ċuir trom-ċodlaḋ orra agus neul mór os a g-cionn, agus ní’l ainm air an áit o ṡin amaċ aċt Lios-trom-neul.

Air maidin lá ais na ṁáraċ, ní raiḃ na fir óga le fáġail ’ḃus no ’ṫall agus ḃí brón mór ameasg an ṗobail. Ċuaiḋ an lá sin ṫart gan aon ċúntas ó na fearaiḃ óga. Duḃairt daoine gur b’ é Cronnán a ṁarḃ iad, mar ċonnairc daoine iad a’ dul ċum na cúirte. Ċuaiḋ aiṫreaċa agus máiṫreaċa na ḃfear óg ċum na m-bráṫair, agus ġuiḋ orra do ḋul go Cronnán, agus d’ḟáġail