192
amaċ uaiḋ cia an áit a raiḃ na fir óga, beó no marḃ.
Ċuaiḋ siad go Cronnán agus d’innis Cron- nan dóiḃ an cleas a ṡaoil na fir óga do ḋeunaṁ air, agus an niḋ do rinne sé leó. “Má ’s é do ṫoil, taḃair maiṫeaṁnas dóiḃ an t-am só,” ar sna ḃráiṫre, ḃíḋeadar air mire le h-uisge-beaṫa, agus ní ḃéiḋ siad cionntaċ arís.” “Air son siḃ-sé a iar- raiḋ orm, sgaoilfiḋ mé iad an t-am so, aċt má ṫágann siad arís cuirfiḋ mé codlaḋ seaċt mbliaḋain orra. Tar liom anois go ḃfeicfiḋ siḃ iad.”
“Is olc na coisiḋe sinn,” ar sna bráiṫre, “ḃeiḋmís a ḃfad a dul go dtí an áit ’nna ḃfuil siad.”
“Ni ḃéiḋ siḃ dá ṁóimid a’ dul ann,” ar Cronnán, “agus béiḋ siḃ air ais ’sa, mbaile ’san am ceudna.”
Ann sin ṫug sé amaċ iad, agus ċuir sineán gaoiṫe as a ḃeul, agus d’ḟuadaiġ go Lios- trom-neul iad’ agus ḃí sé féin ann sin ċoṁ luaṫ leó.
Ċonnairc siad an dá ḟear óg deug ’nna g-codlaḋ faoi neul annsan lios, agus ḃí iongantas mór orra. “Anois,” ar Cronnan, “cuirfead aḃaile iad.” Do ṡéid sé orra,