201
tsean duine agus ṫoisiġ an sean duine ag snáṁ. Nuair ḃí siad i lár na h-aiḃne, ċonnairc an mac ríġ iolar mór ag teaċt agus a ġob fosgailte. Ṫarraing an mac ríġ lúb agus loit sé an t-iolar. “Ar ḃuail tu í?” ar san sean duine; “ḃuail mé í,” ar san mac ríġ, “aċt tá sí teaċt arís.” Ṫarraing sé an lúb an dara h-uair agus ṫuit an t-iolar marḃ. Nuair ṫáncadar go talaṁ duḃairt an sean duine, “Tamaoid air oileán ṫobair Deire-an-doṁain, tá an ḃainríoġan ’nna codlaḋ agus ní ḋúiseóċaiḋ sí go lá agus bliaḋain; ní ṫéiḋeann sí ’nna codlaḋ aċt aon uair aṁáin i seaċt mbliaḋnaiḃ. Tá leóṁan, agus uillṗéist ag faire ag geata an tobair, aċt téiḋeann siad ’nna g-codlaḋ ’san am ceudna leis an mbainríoġain, agus ní ḃéiḋ aon deaċras agad le dul go dtí an tobar. Seó ḋuit dá ḃuideul; líon ceann aca ḋuit féin agus an ceann eile ḋaṁsa, agus deunfaiḋ sé fear óg díom.”
D’ imṫiġ an mac ríġ, agus nuair ċuaiḋ sé suas ċoṁ fada leis an g-caisleán ċonnairc sé an leóṁan agus an uillṗéist, ’nna g-codlaḋ air gaċ taoiḃ de’n ngeata. Ann sin ċonnairc sé róṫa mór ag caṫaḋ suas uisge as an tobar, agus ċuaiḋ sé agus líon