202
sé an dá ḃuideul, agus ḃí a’ teaċt air ais nuair ċonnairc sé solas lonnraċ ’sa’ g-caisleán. D’ḟeuċ sé asteaċ tríd an ḃfuinneóig agus ċonnairc sé bord mór. Ḃí builín aráin, buideul, sgian, agus glaine air. Líon sé an ġlaine aċt níor laġduiġ se an buidéul.
Ḃreaṫnuiġ sé go raiḃ sgríḃín air an mbuideul agus air an mbuilín, agus léiġ sé air an mbuilín Arán Do’n Doṁan, agus air an mbuideul Uisge Do’n Doṁan. Ġearr sé píosa de’n mbuilín aċt d’ éiriġ sé níos mó ’ná ḃí sé. “Mo leun naċ ḃḟuil an builín agus an buideul sin ’sa’ mbaile” ar san mac ríġ, “agus ní ḃeiḋeaḋ ocarus ná tart air na daoiniḃ boċta.” Ann sin ċuaiḋ sé asteaċ i seómra mór agus ċonnairc sé an ḃainríoġan agus aon deug mná cóiḃdeaċ’ ’nna g-codlaḋ, agus cloiḋeaṁ an tsolais croċta os cionn na bainríoġna. Buḋ h-é a ḃí taḃairt solais don ċaisleán iomlán.
Nuair ċonnairc sé an ḃainríoġan, duḃairt sé leis féin, buḋ ṁaiṫ an ḃean dam í, agus d’ imṫiġ sé agus ṗós sé an ḃainrioġan, aċt níor ṁúsgail sise, ná aon dena mnáiḃ cóiḃdeaċ’. Ann sin fuair sé an cloiḋeaṁ an buideul agus an builín, agus ṫáinig sé do’n