17
g-capall, nuair ḃéiḋmid ’gá fuadaċ, mar ni dlisteanaċ dúinne é, i do ċur ’nna suiḋe air ár g-cúl-ne, aċt is fuil agus feóil ṫusa, agus tig léite greim maiṫ ḟáġail ort, air ṁóḋ naċ dtuitfiḋ si, nuair ċuirfimíd air an g-capall í. Ḃfuil tu sásta a Ġoillís agus an ndeunfaiḋ tu a ḃfuilmíd-ne ag ráḋ leat?” “Cad ċuige naċ mbeiḋinn sásta,” ar Goillís, “tá me sásta go cinnte, agus rud air biṫ a ḋéurfaiḋ siḃse liom a ḋeunaḋ, deunfaiḋ me gan aṁras é, aċt ca ḃfuilmíd anois? cad é an áit í seo, a duḃairt tu?” “Tá tu annsa’ Róiṁ anois a Ġoillís,” ar san t-Siḋeóg. “Annsa’ Róiṁ, aneaḋ!” ar Goillís, “go deiṁin agus gan ḃréig is maiṫ liom sin. An Sagart-paráiste do ḃi againne do ḃi se briste tamall o ṡoin, agus ċaill se a áit. Caiṫfiḋ me dul ċum an Ṗápa ḃḟáġ’ me bulla uaiḋ ċuirfeas air ais é ann a áit féin arís.” “O a Ġoillís,” ar san t-Siḋeóg “ni ṫig leat sin a ḋeunaḋ. ni léigfiḋear asteaċ annsa bpálás ṫu; agus air ṁóḋ air biṫ ni ṫig linne fanaṁaint ann so nuair atá tusa leis an b-Pápa, tá deifir orrainn.” “Oiread agus cos ni raċaiḋ me nios faide,” ar Goillís, “go raċaiḋ me ċum an Ṗápa, aċt tig liḃ-se