18
dul air ḃur n-aġaiḋ gan mise, má’s maiṫ liḃ é, aċt ni ċorroċaiḋ mise go raċaiḋ me ċum an Ṗápa agus go ḃḟáġ’ me párdún mo ṡagairt-paráiste uaiḋ.” “A Ġoillís, an air diṫceílle atá tu? ni ṫig leat dul ann, agus sin é d’ḟreagraḋ anois duit, innsim duit naċ dtig leat dul ann.” “Naċ dtig liḃ-se dul air aġaiḋ agus mise dḟágḃáil ann so ’nn ḃúr ndiaiġ,” ar Goillís, “agus nuair tiucfaiḋ siḃ air ais ann so naċ dtiucfaiḋ liḃ an cailín árduġaḋ suas air mo ċapall-sa air mo ċúl?” “Aċt beíḋ tu teastál uainn ag pálás Riġ na Fraince ar san t-Siḋeóg agus caiṫfiḋ tu teaċt linn anois.” “Diaḃal cos,” ar Goillís, go ḃfuiġiḋ me párdún an t-sagairt, an duine is macánta agus is greannaṁla d’á ḃfuil i n-Eírinn.”
Laḃair Siḋeóg eile ann sin, agus duḃairt se, “ná bí ċoṁ cruaiḋ sin air Ġoillís, tá ’n buacaill cineálta, agus tá croiḋe maiṫ mór aige, agus mar naċ maiṫ leis teaċt linn gan ḃulla an Ṗápa caiṫfimíd ar ndiṫċioll ḋeunaṁ le na ḟáġail do. Raċaiḋ seisean agus mise asteaċ do’n Ṗápa, agus tig liḃ-se fanaṁaint linn ann so.”
“Míle buiḋeaċas leat,” ar Goillís, “tá me réiḋ le dul leat, agus an sagart só, is é an