22
do’n Ṗápa suiḋe sios agus párdún iomlán sgrioḃaḋ do’n t-sagart, agus a ṡean-áit ṫaḃairt air ais do; agus nuair ḃi se réiḋ sgrioḃṫa aige ċuir se a ainm faoi, air an bpáipeur, agus ċuir se i laiṁ Ġoillís é.
“Go raiḃ maiṫ ag d’onóir,” ar Goillís, “ni ṫiucfaiḋ me go bráṫ arís ann so ċugad, agus beannaċt leat.”
“Na tar,” ar san Pápa, “má ṫig tu béiḋ mise réiḋ róṁad, agus ní imṫeoċaiḋ tu uaim ċoṁ foras sin arís. Béiḋ tu druidte suas i bpríosún agus ní tiucfaiḋ tu amaċ as go bráṫ.”
“Na bioḋ eagla ort, ni ṫiucfaiḋ me ann, arís,” ar Goillís, agus sul dḟeud se nios mó do ráḋ do laḃair an t-Siḋeóg cúpla focal, agus rug se air láiṁ Ġoillís arís, agus amaċ leó. Fuair Goillís é feín ameasg na siḋeóg eile agus a ċapall ag fanaṁaint leis.
“Nois a Ġoillís,” ar siad, “is mór an bacaḋ ċuir tu orrainn, agus an oiread sin deifir’ orrainn, aċt tar uait anois agus na cuir róṁat a leiṫeid de ċleas a ḋeunaḋ arís, mar naċ ḃfanfamaoid-ne leat.” “Tá me sásta,” ar Goillís, “agus tá me buiḋeaċ ḋiḃ, aċt innis dam ca ḃfuilmíd le dul anois.”