23
“Támaoid le dul ċum pálaís Riġ na Fraince,” ar siad, “agus má ṫig linn air biṫ, támaoid le fuadaċ a inġine linn.” Duḃairt uile fear aca an focal, “Éiriġ a ċapaill,” ann sin, agus ṫoisiġ na capla ag leím agus ag riṫ agus ag prompsál. An ġaoṫ ḟuar ġeiṁriḋ do ḃi rompa do rug siad uirri, agus an ġaoṫ do ḃi ’nna ndiaiġ ni rug si orra-san, agus nior stad siad de’n rása sin no go raiḃ siad ċoṁ fada le pálás Riġ na Fraince.
Ṫáinig siad anuas d’á g-caplaiḃ ann sin, agus duḃairt fear aca focal nár ṫuig Goillís, agus air an móimid ḃi síad uile tógṫa suas, agus fuair Goillís é feín agus a ċomráidiḋ annsan bpálás. Ḃi fleaḋ (féusta) mór ’gá caṫaḋ aca ann sin, agus ni raiḃ fear-uasal ná duine mór annsan rioġaċt naċ raiḃ cruinniġṫe le ċeíle annsin roiṁe, agus ḃi siad gleusta amaċ le sioda agus sról, le h-ór agus le h-airgiod, agus do ḃi an oiḋċe ċoṁ geal leís an lá annsan áit sin leis an méid coinnioll agus lampa do ḃi lasta ann; agus nior ḟeud Goillís an t-aṁarc breáġ soillseaċ do ṡeasaṁ agus ḋruid se a ḋá ṡúil.
Nuair d’ḟosgail se arís iad ann sin, agus