36
“O maiseaḋ,” ar Goillís, go h-aoraċ go leór, “fuair mé aréir é annsa Róiṁ: D’ḟan mé air feaḋ cúpla uair annsa’ g-cáṫair sin, nuair ḃí mé air mo ḃealaċ ċum an óig-ḃean seo (inġean Riġ na Fraince) do ṫaḃairt air ais liom.”
Ḋearc an sagart air aṁuil agus mar ḃeiḋeaḋ deiċ g-cloigionn air, aċt gan aon ċeist eile do ċur air, duḃairt sé leis teaċt asteaċ ċuige, é féin agus an ainnir, agus nuair ṫáinig siad asteaċ ḋruid sé an doras agus ṫug sé asteaċ ’sa’ bpárlús iad, agus ċuir sé ’nna suiḋe iad.
“’Nois a Ġoillís,” ar sé, “innis dam go firinneaċ cá ḃfuair tu an bulla so, agus cia h-í an óig-ḃean so, agus má tá tu féin ar do ċéill dáríriḃ na má’s ag deunaṁ magaiḋ fúm atá tu?”
“Ni’l mé ’g innsint bréige, ná ag deunaṁ magaiḋ,” ar Goillís, “aċt is ó’n b-Pápa féin fuair mé an páipeur, agus buḋ as ṗálás Riġ na Fraince dḟuadaiġ me an ḃean-uasal so, agus is inġean do Riġ na Fraince í.”
Ṫosaiġ sé air a sgeul ann sin, agus d’innis sé an t-iomlán do’n t-sagart, agus ḃi an oiread sin d’ionġantus air an tsagart maiṫ