37
nar ḟeud sé é féin ċongḃáil o ġlaoḋaċ amaċ air uairiḃ ná ó ḃualaḋ a ḋá láiṁ le ċéile. Nuair duḃairt Goillís gur ṡaoil sé o’n méad a ċonnairc sé naċ raiḃ an óig-ḃean sásta leis an bpósaḋ do ḃí dul air aġaiḋ annsa’ bpálas sul do ḃris sé féin agus na siḋeóga suas é, ṫáinig lasaḋ dearg i ngruaiḋ an ċailín, agus ḃí sé nios cinnte ’ná riaṁ go mbuḋ ḟeárr léiṫe ḃeiṫ mar ḃí sí, ċoṁ dona agus ḃí sí, ’ná ’nna mnaoi-ṗósta do ḟear buḋ gráin léiṫe. Nuair duḃairt Goillís go mbeiḋeaḋ sé an ḃuiḋeaċ de’n tsagart dá g-coiṁéadfaḋ sé ann a ṫeaċ féin í, duḃairt an fear cineálta go ndeunfaḋ sé sin ċoṁ fada agus buḋ ṁaiṫ leis, aċt naċ raiḃ ḟios aige creud do buḋ ċoír dóiḃ ḋeunaṁ léiṫe, mar naċ raiḃ aon tsliġe aca a cur air ais d’á h-aṫair arís.
Dḟreagair Goillís go raiḃ imniḋe air féin, faoi an niḋ ceuna, agus naċ ḃfaca sé aon rud le deunaṁ aċt a congḃáil go socair, no go ḃfuiġeaḋ siad faill agus ocáid rud éigin nios feárr do ḋeunaṁ. Rinne siad suas é eatorra féin ann sin, go leigfeaḋ an Sagart air gur b’ inġean a ḋearḃráṫar féin do ḃí aige, do ṫáinig air cuairt as ċondae eile, agus go n-inneósaḋ sé do