58
agus buḋ áirde d’á ḃfaca súil duine ariaṁ ag teaċt amaċ go mall, agus ag druidim an ġeata go cúramaċ na ḋiaiġ. Ṫáinig allus fuar faitċis air eudan agus air ḋruim Ġoillís agus luiḋ sé sios go socair ciúin annsan ḃfeur, air eagla go dtiuḃraḋ an faṫaċ faoi ḋeara é. Aċt ḃí an t-áġ air, mar ni ḋeacaiḋ an faṫaċ asteaċ annsan g-coill an taoḃ do ḃí Goillís, aċt an taoḃ eile. Coṁ luaṫ agus ḃí sé imṫiġṫe as a raḋarc ṫáinig Goillís amaċ, agus ḋruid sé anonn ċum an ċaisleáin, agus nuair ṫáinig sé faoi an mballa, ċualaiḋ sé goṫa daoine ag caoineaḋ agus ag ceasaċt astiġ ann, agus ṡaoil sé gur ċualaiḋ sé guṫ a ḃain- tiġearna féin ’nna measg.
Ṡeas sé faoi an tor do b’ áirde, agus ġaḃ sé go milis, mar ḃí guṫ maiṫ aige, aḃrán beag do ṫaiṫniġ le h-inġin an Riġ, nuair ḃí sí i dteaċ an t-sagairt, mar duḃairt sí gurb’ é an port mac-saṁail puirt do ṡeinneaḋ sí féin nuair ḃíḋeaḋ sí annsa ḃFrainc. Do ġaḃ Goillís:
“Ċuir me mo ṗílíḋ ċait
Suas go Beultráiġ,”