59
agus d’ḟreagair guṫ na mná uaisle é as an ḃfuinneoíg amaċ.
“Agus ṁarḃ sé caora
Air ḟear annsan áit.”
Agus an móimid ’nna ḋiaiġ sin ċuir sí a ceann féin amaċ as an ḃfuinneóg agus ċogair sí go ciúin, “Ṫug an faṫaċ asteaċ ann so mé, agus nior ṫug sé dadaṁ le n-iṫe ḋam o ċuir sé ann so faoi ġlas mé,” agus ċogair Goillís air ais ċuici, “dá mbeiḋeaḋ rópa agad d’ḟeudfá teaċt anuas, tá ’n ḟuinneog leaṫan go leór,” aċt sul d’ḟeud sé aon ḟocal eile ráḋ, ġlaoḋ sí amaċ go ḃfaca sí an faṫaċ teaċt air ais ameasg na g-crann, agus gurb’éigin do Ġoillís imṫeaċt. Ṫiontaiġ sé agus riṫ sé air ais do’n ċoill, agus go díreaċ mar ḃí sé i ḃfolaċ, ṫáinig an faṫaċ amaċ air an taoib eile, agus d’ḟosgail sé an geata práis le h-eoċair ṁóir iarainn agus ċuaiḋ sé asteaċ, agus ḋruid sé an geata go cúramaċ ’na ḋiaiġ arís, agus ċuir an geata osna as agus é ’gá ḋruidim. D’ḟan Goillís tamall fada, ag fanaṁaint no go dtiucfaḋ sé amaċ arís, agus nuair nár ċorruiġ an faṫaċ, ṡaoil