78
Ṡeas Goillís suas, agus duḃairt sé, “ní ḟeuċann sin cosṁúil leis an mbóṫar do ḃeiḋeaḋ dul ċum na Fraince, tá sé róḃeag agus róċúṁang, agus ní’l aon ċosaṁlaċt siúḃail air. Rinne an seanduine gáire, “O!” ar seisean, “dá ḃfeicfeá an boíṫrín seó dá ḟiċid bliaḋain o ṡoin nuair ḃí mise am’ ógánaċ ḋeurfá naċ raiḃ ann aċt cosán coiníniḋ, aċt rinne siad suas go deíġionaċ é. Is doiliġ bóṫar maiṫ do ḋeunaṁ annsan tír seo, agus ni ḃeiḋeaḋ an bóṫar air a raiḃ tusa ag imṫeaċt anois, leaṫ coṁ maiṫ no leaṫ coṁ leaṫan a’s tá sé, aċt go ndearna na Faṫaig, iad feín, é. Tá an iomarcuiḋ carraig ann seó le deunaṁ boṫair ċeirt, aċt míle ó’n áit seó béiḋ fé ag leaṫnuġaḋ arís, agus béid sé ’nna ḃóṫar breáġ sul tá siḃ cúig míle imṫiġṫe.”
“Ni’l ḟios agam,” ar Goillís, “tá aṁras agam; measaim gur fearr é fanaṁaint go ḃfeicfimíd duine eígin eile, tá ’n lá óg fós, agus má ḟanmaoid ní féidir naċ dtiucfaiḋ duine éigin an bealaċ.”
“Cad é an t-aṁras atá agad?” ar an óig- ḃean, “cad é an fáṫ do ḃeiḋeaḋ ag an t-seanduine seó breug d’innsint duit? naċ