79
dtig linn dul air aġaiḋ le leiṫ-ṁíle go ḃfeicfimíd ḃfuil an bóṫar ag leaṫnuġaḋ mar deir sé, agus muna ḃfuil, tig linn teact air ais.”
“Deunfamaoid sin,” ar Goillís, “aċt go deiṁin tá aṁras agam i g-cómnuiḋe, agus do ḃ’ ḟearr liom fanaṁaint.” Ċuaiḋ siad air aġaid le ceaṫraṁaḋ míle, agus ní raiḃ an bóiṫrín ag eiriġe nios leiṫne, agus ní raiḃ Goillís suaiṁneaċ ann a ċroiḋe feín. Ḃí an seanḟear ag siuḃal cúig no sé slata amaċ rompa, nuair leig sé fead geur go h-obann, agus hui! leím deiċ ḃfear, no ḋá ḟear deug, amaċ o ċúl na mballa air an dá ṫaoiḃ dé’n ḃóṫar, agus sul d’ḟeud Goillís a sgian a ṫarraing no buille a ḃualaḋ, leagaḋ sios, agus ceanglaḋ go cruaiḋ caol le córdaiḃ é. Ċeangail siad láṁa na mná oíge air a druim, ċor leis, agus ann sin rug beirt aca air láṁaiḃ Ġoillís agus beirt eile air a ċosaiḃ agus d’iomċair siad leó é, agus b’éigín do’n ṁnaoi óig a leanaṁaint. Ḃris sí amaċ ag caoineaḋ agus ag malluġaḋ a hamadántaċta feín, nár ḟan sí air an m-bóṫar mór mar ċóṁairliġ Goillís dí, aċt ni raiḃ aon ṁaiṫ ḋí ann; ṫiomáin siad air aġaiḋ í, agus b’éigin dí siúbal.