LXX.
An liathróid mhear, mar raidhthear, téigheann go cruinn 'S ní fhiafróidh feacht an deas na clé badh chuibhe; 'S an té do chaith thu síos ar an ngrianfhód nglas Is diail, ó, ar fad is feas dó féin a ghníomh.
LXXI.
Tá an lámh ag scríobhadh na línte ar saothar seóil 'S ar chrábhadh chroidhe nó ar ghaois gach éinn beó Ní stríocfar méar sa ghnó, ná ás, ná mír, 'S ní báthfar scríd dar scríobh i dtréantsruth dheór.
LXII.
'S an canna ar a bhéal fé, an spéir seo is aithnid do chách, 'Na mairimíd fé, cumhang daor, go dtagann an bás, Ná féach le cabhair id ghábhadh ón gcanna, agus é Gan acmhuing gan réim mar théigheann ár samhailna ghnáth.
LXIII.
Den chéadchré deineadh fear deiridh an tsaoghail i bhfíoghair, 'S don réidhbhaint deiridh do cuireadh da réir an síol; 'S ar chruthú an tsaoghail do scríobhadh le héifeacht pin An scéal a tuigfar nuair a thiocfaidh dhon tsaoghal a chríoch.
LXXIV.
Indé do ceapadh an spreagadh so thárla indiu, 'S an réim nó an danaid a leanfaidh imbáireach air; Cá dtagair ar stáir? Cad chuige é? Ca dtéighir? Ní feas; 'S dá réir sin feasta bí ag tarraing 's ag trághadh ar an
ndigh!
22