LXXV.
Creid uaim an stair seo: nuair casadh me a bheóibh an tsluaigh De ghuaillibh lasartha an tSearraigh, a thóg me ar cuaird, Gur caitheadh Parwín is Muistarí dfhonn raith San chré le hanam do ceapadh im thómus tuas;
LXXVI.
B'in cuisleóg a chorruigh le cumann don bhfíon im chreat 'S le fonómhaid dá cluiche, ariú, is cuma deirbhís na gcleas; Mo mhiotalsa bíodh gur leamh, bheadh eochair n-a chorp D'osclóadh an dorus ná leogfadh an pípire isteach.
LXXVII.
Is dearbhtha liúm, má's fonn do sholus an fhír Fearg am scúmhadh nó úrshruth muirinne am shnaoighe, Go mbfhearr a ghoragha thuidheacht sa tabhairne im chionn 'Ná a chailleamhaint dúinn i gclúid tigh phobuil ag guidhe.
LXXVIII.
As ucht neamhnídh gan chéill, mo léir, a thathant fé shnaidhm Ar ghearrarud chéille éirighe searbh do chuing Ná mbéas nach ceadaithe d'aon 's a bhagairt dá réir, Dá snapadh ar an éill dul tréith dhó i bpeannaidh do shíor!
LXXIX.
A chréatúir d'aiseag air fairsinge niamhghlan óir I n-éiric dheascaidh a raid sé ar iasacht dó; Agus agra um fhiachaibh fós nár aomhuigh neach
'S nár fhéad a seasamh — nach mairg do riar mar ghnó!
23