“Agus cé ṫú féin le do ṫoil?” ar seisean agus iongnaḋ mór air.
“Saiġdiúir mé,” arsa mise ġá ṫreóruġaḋ go dtí an geata,” saiġdiúir i n-arm Ṗobalaċt’ na hÉireann....”
“An ag brionglóidiġ atá mé?” ar seisean. “Pobalaċt na hÉireann?”
Duḃairt sé na focla sin trí nó ceaṫar d’uairiḃ agus é ag iarraiḋ an sgéal a ṫuigsint. Dá n-abróċ- ainn go raiḃ mé ’mo ṡaiġdiúir Róṁánaċ agus go raiḃ Iúl Caesar mar ċeannaire orm ní ḃéaḋ níos mó iongnaḋ ar an ḃfear boċt.
Faoi ḋeireaḋ duḃairt sé:
“Cogar mé leat, a ḟir óig,” ar seisean, “cé’n dáta é?”
“Luain Cásga.”
“Seaḋ, seaḋ, aċt an ḃliaḋain?”
“1916.”
Dá ḃfeicteá annsin é ag iarraiḋ ḋéanaṁ amaċ céard ḃí ar cearr leis an saoġal! Ċuirfeaḋ a ḟéaċaint gáiriḋ ar Naoṁ Pól.
Ċuidiġeas leis.
“Tá Eirġe-Amaċ ann,” arsa mise.
“Eirġe-Amaċ?”
“Sead, Eirġe-Amaċ i n-aġaiḋ na Sasanaċ?”
Ḋíriġ sé é féin. Ċuir sé cosaṁalaċt ṁileata air féin.
“An nglacfaiḋ siḃ liomsa mar ṡaiġdiúir?”
Ḃí sé i ndá ríriḃ píre. Ní raiḃ ḟios agam céard a bḟearr a ḋéanaṁ. Fear fear—agus ḃí fir ag teasdáil uainn go géar. Ṫugas i láṫair mo ċaiptín é.