“Ḃfuil urċar maiṫ agat?” ar seisean le mo ḋuine.
“Ċoṁ maiṫ le aon ḟear eile i nÉirinn,” ar mo ḋuine.
“Agus tuigeann tú céard tá fúinn a ḋéanaṁ?”
“Go sár-ṁaiṫ aċt níor ṡíleas go mbéaḋ an ḟail againn go deó.”
Agus glacaḋ leis. Rinne sé troid, troid ċoṁ maiṫ le aon ḟear eile dá raiḃ ann. Ċuireas aiṫne ṫar bárr air i gcaiṫeaṁ na seaċtṁaine. Ḃí mé féin agus é féin le ċéile ar ḃárr tiġe ag pléasgaḋ ar feaḋ mórán de’n aċar. Ní raiḃ comráide ba ċroiḋe- aṁla ag aon ḟear ariaṁ. Ċoinniġeaḋ sé ag gáiriḋ ṫú ó ṁaidin go hoiḋċe le sgéaltaiḃ agus le greann. Ḃí sgéal aige faoi ḃean a raiḃ cos áḋmuid aici— ní call dom é innseaċt anois—uair éigin eile b’ḟéidir....
Aċt ba ṁór an fear ban é; ba ṁór an fear óil é aċt ba ṁó ná sin an fear troda é....
Níor laḃair sé liom ariaṁ faoi n-a ṁáṫair go raiḃ sé ag faġáil ḃáis: seaḋ—piléar, piléar seaċráin....
D’innis sé ḋom annsin gur baintreaḃaċ ḃí innti, naċ raiḃ aon ċlann uirri aċt é féin, go raiḃ sí dall.
“Agus má eiriġeann leat imṫeaċt,” ar seisean, agus é ag séaluġaḋ uainn, “má eiriġeann leat imṫeaċt tiuḃraiḋ tú cuairt uirri agus innseóċaiḋ tú ḋi cé’n ċaoi go ḃfuair mé bás.”
Ġeall mé sin dó.
Aċt nuair ċonnaic mé an tseanḃean aonraic dall sin, n-a suiḋe annsin léiṫi féin sa seómra mór galánta, nuair ṫuigeas ó’n ngeit baineaḋ aisti nuair