Gobnait.—Is fearr chun na sgeul tusa, a Pheig. Conus d’imthigh le Séadna?
Peig.—Lá d’á raibh sé ag déanamh bróg, thug sé fé ndeara ná raibh a thuille leathair aige, ná a thuille snáithe, ná a thuille céireach. Bhí an taoibhín déanach shuas agus an greim déanach curtha, agus níor bh’fholáir dó dul agus adhbhar do sholáthar sul a bhféadfadh sé a thuille bróg a dhéanamh. Do ghluais sé ar maidin, agus bhí trí sgillinge ’na phóca, agus ní raibh sé ach míle ó’n dtigh nuair a bhuail duine bocht uime, a d’iaraidh déarca.
“Tabhair dhom déirc ar son an tSlánuightheóra agus le h‑anaman do mharbh, agus tar cheann do shláinte,” arsa ’n duine bocht.
Thug Séadna sgilling dó, agus ansan ní raibh aige ach dhá sgilling. Dúbhairt sé leis féin go mb’fhéidir go ndéanfadh an dá sgilling a ghnó. Ní raibh sé ach míle eile ó bhaile nuair a bhuail bean bhocht uime agus í cos-nochtaithe.
“Tabhair dhom congnamh éigin,” ar sise, “ar son an tSlánuightheóra, agus le h‑anaman do mharbh, agus tar cheann do shláinte.”
Do ghlac truagh dhí é, agus thug sé sgilling dí, agus d’imthigh sí. Do bhí aon sgilling amháin ansan aige, ach do chomáin sé leis, ag brath air go mbuailfeadh seans éigin uime a chuirfeadh ar a chumas a ghnó a dhéanamh. Níor bh’fhada gur casadh air leanbh agus é ag gol le fuacht agus le h‑ocras. “Ar son an tSlánuightheóra,” arsa ’n leanbh, “tabhair dhom rud éigin le n‑ithe.”
Bhí tigh ósda i ngar dóibh, agus do chuaidh Séadna isteach ann, agus cheannuigh sé bríc aráin agus thug sé chun an leinbh é. Nuair a fuair an leanbh an t‑arán d’athruigh a dhealbh. D’fhás sé suas i n‑aoírde, agus do