las solas iongantach ’na shúilibh agus ’na cheannachaibh, i dtreó go dtáinig sgannradh ar Shéadna.
Síle.—Dia linn! a Pheig, is dócha gur thuit Séadna bocht i laige.
Peig.—Níor thuit; ach má ’s eadh, ba dhícheal dó. Chómh luath agus d’fhéad sé labhairt, dúbhairt sé:–
“Cad é an saghas duine thusa?” Agus isé freagra a fuair sé:—
“A Shéadna, tá Dia buidheach díot. Aingeal iseadh mise. Is mé an trímhadh h‑aingeal gur thugais déirc dó indiú ar son an tSlánuightheóra. Agus anois tá trí ghuidhe agat le fághail ó Dhia na glóire. Iar ar Dhia aon trí ghuidhe is toil leat, agus gheobhair iad. Ach tá aon chómhairle amháin agam-sa le tabhairt duit.—Ná dearmhaid an Trócaire.”
“Agus an ndeirir liom go bhfaighead mo ghuidhe?” arsa Séadna.
“Deirim, gan amhras,” arsa ’n t‑aingeal.
“Tá go maith,” arsa Séadna. “Tá cathaoir bheag dheas shúgáin agam sa bhaile, agus an uile dhailtín a thagan isteach, ní foláir leis suídhe inte. An cheud duine eile a shuídhfidh inte, ach mé féin, go gceangalaidh sé inte!”
“Faire, faire, a Shéadna,” arsa ’n t‑aingeal; “sin guidhe breagh imthighthe gan tairbhe. Tá dhá cheann eile agat, agus ná dearmhaid an Trócaire.”
“Tá,” arsa Séadna, “mealbhóigín mine agam sa bhaile, agus an uile dhailtín a thagan isteach, ní foláir leis a dhorn a sháthadh inte. An cheud duine eile a chuirfidh lámh sa mhealbhóig sin, ach mé féin, go gceangalaidh sé inte, feuch!”
“Ó, a Shéadna, a Shéadna, ní’l fasg agat,” arsa ’n t‑aingeal. “Ní’l agat anois ach aon ghuidhe amháin eile. Iar Trócaire Dé do t’anam.”