“Ó, is fíor dhuit,” arsa Séadna, “ba dhóbair dom é dhearmhad. Tá crann beag ubhall agam i leath-taoibh mo dhoruis, agus an uile dhailtín a thagan an treó, ní foláir leis a lámh do chur i n‑áirde agus ubhall do stathadh agus do bhreith leis. An cheud duine eile, ach mé féin, a chuirfidh lámh sa chrann san, go gceangalaidh sé ann!—Ó! a dhaoine!” ar seisean, ag sgairteadh ar gháirídhe, “nach agam a bhéidh an spórt ortha!”
Nuair a tháinig sé as na trithídhibh, d’fheuch sé suas agus bhí an t‑aingeal imthighthe. Dhéin sé a mhachtnamh air féin ar feadh tamaill mhaith. Fé dheire thiar thall, dúbhairt sé leis féin: “Feuch anois, ní’l aon amadán i n‑Éirinn is mó ’ná mé! Dá mbéadh triúr ceangailte agam um an dtaca so, duine sa chathaoir, duine sa mhealbhóig, agus duine sa chrann, cad é an mhaith a dhéanfadh san dómh-sa agus mé abhfad ó bhaile, gan bhiadh, gan deoch, gan airgead?”
Ní túisge a bhí an méid sin cainte ráidhte aige ’ná a thug sé fé ndeara ós a chómhair amach, sa n‑áit ’na raibh an t‑aingeal, fear fada caol dubh, agus é ag glinneamhaint air, agus teine chreasa ag teacht as a dhá shúil ’na spréachaibh nímhe. Bhí dhá adhairc air mar bhéadh ar phocán gabhair; agus meigioll fada liath-ghorm garbh air, eirball mar bhéadh ar mhada ruadh, agus crúb ar chois leis mar chrúb thairbh. Do leath a bheul agus a dhá shúil ar Shéadna, agus do stad a chaint. I gceann tamaill do labhair an Fear Dubh.
“A Shéadna,” ar seisean, “ní gádh dhuit aon eagla do bheith ort rómham-sa. Ní’lim ar tí do dhíobhála. Ba mhian liom tairbhe éigin a dhéanamh duit, dá nglacthá mo chómhairle. Do chloiseas thú, anois beag, ’ghá rádh go rabhais gan bhiadh, gan deoch, gan airgead. Thabharfainn-se airgead do dhóithin duit ar aon choinghíll bheag amháin.”