“Agus feuch,” arsa ’n sagart, “ar an dtaobh eile de’n sgeul. Ní saoráidíghe atá sgartha aige-sean le Máire ’ná atá sgartha aici-sin leis.”
“Dar fiadh, a Athair, is fíor dhuit é!” arsa Seághan. “Agus gan éileamh ag aoinne uirthi.”
“Is é an sgeul is éagsamhlaíghe d’ár bhuail riamh fós umam-sa é,” arsa ’n sagart.
“Nár chóir, a Athair,” arsa Seághan, “má thug sé geallamhaint do Shadhbh Dhiarmuda, go bhféadfaí teacht ar bhun-phréimh an sgéil agus an gheallamhaint do chur i leath-taoibh? Dar ndóigh tá a fhios ag an saoghal ná fuil sé ceangailte air i láthair Dé an gheallamhaint sin do sheasamh.”
“Gan amhras,” arsa ’n sagart, “má tá an gheallamhaint ann, ní’l sé ceangailte air í sheasamh.”
“Má tá sí ann, a Athair, an eadh?” arsa Seághan. “Deabhruighean san gurab é do thuairim-se ná fuil sí ann. Mura bhfuil sí ann, nár chóir go bhféadfaí cosg a chur le teangain Shadhbh? Má ’s éitheach atá ar siúbhal aici is mór an truagh é leigint i n‑aisge léi. D’á fhaid a leigfear i n‑aisge léi é iseadh is dána leanfaidh sí dhe. D’á luaithe a cuirfear cosg léi iseadh is lugha an díobháil a bhéidh déanta aici. Má ’s éitheach atá ar siúbhal aici,—mura bhfuil aon éileamh aici ar Shéadna le ceart geallamhna,—do bhuadhaigh sí ar a bhfeaca riamh de mhnáibh, agus do bhuadhaigh Séadna ar a bhfeaca riamh d’fhearaibh.”
“Conus é sin?” arsa ’n sagart.
“Mura bhfuil aon éileamh ag Sadhbh air,” ar seisean, “cad ’tá ag teacht idir é agus pósadh m’inghíne?”
“Siní díreach an cheist,” arsa ’n sagart.
“Isí, a Athair,” ar seisean; “agus tá a fhonn orm leanamhaint siar ar an gceist sin go dtagaidh a réidhteach