liom, luath nó mall. Dá mbeitheá am’ chás, a Athair,” ar seisean, “ní ró mhaith do raghadh sé dhuit Sadhbh Dhiarmuda bheith ag magadh fút ar an gcuma so.”
“Ní’l Sadhbh ag magadh fé aoinne ach fúithi féin, a Sheághain,” arsa ’n sagart. “Ach ar a shon san, ámh, is fíor dhuit gur mór an truagh gan smacht a chur ar a leithéid dá mb’fhéidir é. Agus anois a chuimhnighim air, ní dócha go raghadh Diarmuid suas chómh dána go tigh Shéadna, ’ghá fhiafruighe dhe cad a cheap sé dhéanamh i gcóir na Máirte, mura mbéadh go raibh ceart nó teidiol éigin aige.”
“Agus feuch féin, a Athair,” arsa Seághan, “cad é an saghas freagra thug Séadna air. ‘Ní’l aon fhonn pósta orm,’ ar seisean, ‘agus ní bhéidh go fóil’; díreach fé mar a deurfadh sé, ‘ní’lim ollamh fós ar an ngeallamhaint úd do chómhlíonadh.’”
“Ambasa, a Sheághain,” arsa ’n sagart, “ní deirim ná go bhfuil an ceart agat. Tá sé ar naisg aici, agus is mór an truagh é.”
Síle.—Ómhais’, ómhais’, ómhaise! Feuch air sin mar obair! Cad é an donas a bhí ag baint a meabhrach díobh? Dar ndó’, tá a fhios ag an saoghal go ndeurfadh sé an méid sin cainte agus gan aon gheallamhaint a bheith air. Ba dheas an bheirt iad! Cad é an díobháil dom ach an sagart féin.
Cáit.—Is dó’, feuch, a Shíle, a chuid, ní raibh aon eólas acu ar rún Shéadna, ná aon choinne ar bith acu le n‑a leithéid. Dá mbéadh, b’fhéidir go dtuigfidís an sgeul chómh maith agus thuigimíd-ne é. Ach conus fhéadfadh aoinne cuimhneamh air? Níor inis sé d’aoinne beó é. Níor thrácht sé amach as a bheul air le h‑aoinne dár mhair riamh, ó’n gcéad lá go