neart na búirthe sin ag borradh agus ag árdughadh, do dhéin an tigh bullabáisín ’na thímpal, tháinig sgamal os comhair a shúl agus do thuit sé ’na chnaipe ar an úrlár gan aithne gan úrlabhra.
Síle.—Ó! a Pheig! Chím é, chím é! Ó! Ó! Ó!
Peig.—Éist! Éist! a Shíle, a laogh. Cad a chíon tú?
Síle.—Ó! Fear na n‑adharc, fear na n‑adharc. Cad a dhéanfad! Cad a dhéanfad! Ó!
Cáit.—Aireóchaid na cómharsain í. Éist, a Shíle, mo ghrádh í sin!
Gobnait.—Tá do mháthair ag gabháil aníos an pháirc, a Pheig.
Peig.—Tar i leith, a Shíle, agus suigh anso am’ ucht.
Síle.—Ó! Ó! Cad a dhéanfad! Cad a dhéanfad! Ó! Ó!
Máire (máthair Pheig agus Shíle).—Cad é seo ar siúbhal anso agaibh? Cad a chuir ag gol tú, a Shíle, a laogh?
Síle.—Mhaise, ní fheadar, a mham. Is amhlaidh a tháinig sgannradh orm, agus cheapas go bhfeaca fear na n‑adharc.
Máire.—Fear na n‑adharc! Airiú, cé h‑é sin?
Síle.—Fear an eirbaill, a mheasas a rádh.
Máire.—Fear an eirbaill!
Síle.—Fear an eirbaill agus na h‑iongan ann.
Máire.—Mhaise, go deimhin féin, a Pheig, is mór an náire dhuit é. Tá aos óg an bhaile loitithe agat. Ní fheadar an tsaoghal conus bhailighis a bhfuil de ráiméisibh agat istigh ad’ cheann, ná conus choimeádan tú cuntas ortha, agus gan tú ach trí bliaghna déag chun na Bealtaine. Cad é an sgéal atá ar siúbhal anois, a Shíle?