Gobnait.—Ní bhéidh aon chuid de’n sgéal anocht againn is baoghalach. Caithfead féin sgéal a dh’innsint dóibh.
Nóra.—Níor chás duit! Cá bhfuil Peig, a Shíle?
Peig.—Tá sí anso, a Nóra, a ghrádh dhil. (Tagaid Peig agus Cáit isteach.)
Nóra (le Gobnait).—Dhé mhaise, sgeimhle ort, a thoice!—Conus tá Éamonn óg, a Cháit?
Gobnait.—’S dócha go bhfuil sé ithte um an dtaca so aici.
Cáit.—Ochón! Oidhé! Is gearr ná féadfaidh aoinne dul uaithi-seo, tá sí ag iompáil amach chómh deisbhéalach!
Gobnait.—Ó, is fíor dhuit, a Cháit. Níor chuimhnigheas riamh orm fhéin. Andaigh ar neóin, ní h‑iongnadh go mbéadh cion agat air agus gur tú féin a mháthair. (Sgeartaid uile ar gháirídhibh.)
Cáit.—Mhaise, le h‑anaman do mharbh, a Pheig, sgaoil chúgainn do sgéal, feuchaint an gcuirfeadh sé stop leó san.
Gobnait.—Déin, a Pheig, agus bain an chluas díom má bhíon gíocs ná míocs as aoinne againn.
Peig.—Cá bhfuil Síle? Cheapas go raibh sí ansan anois beag.
Cáit.—Sidí anso ar an dtaobh thiar díom-sa í, a ceann fém’ fhalaing, mar bhéadh eun beag ag dul fé chirc.
Peig.—Airiú, a Shíle, a chuid, cad tá ort anois?
Síle.—Ach! Ní’l giob, a Pheig, ach ní foláir dom mo cheann a chlúdach go fóil le h‑eagla go gcuirfeadh fear na n‑adharc búirth eile as, agus go bhfeicfinn airís é.
Peig.—Ní baoghal duit.