Jump to content

Page:Seadna.djvu/33

From Wikisource
This page has been validated.
29
SÉADNA

Nuair a tháinig Séadna chuige féin agus d’fheuch sé ’na thímpal bhí fear na n‑adharc imthighthe.

Síle.—Imtheacht gan teacht air, an cladhaire!

Peig.—Is dócha nár chuid ba lúgha ’ná a fhonn a bhí ar Shéadna an rud ceudna do rádh leis, nuair a tháinig sé chuige féin agus fuair sé é féin ’na aonar. Bhí allus an bháis air agus sgáird ’na dhá shúil, ach ’na thaobh san, pé rud adúbhairt sé, isé ceud rud a dhéin sé ’ná a lámh a chur ’na phóca feuchaint an raibh an sparán aige, agus ambasa bhí. Bhí sé ansúd sa phóca cheudna ’nar chuir sé é, agus isé a bhí go breagh teann agus go breagh trom.

Chuir sé lámh i bpóca eile leis, agus má dhéin, fuair sé an dá cheud púnt a tugadh dó thar cheann an dá sgilling.

“Dá mb’áil liom sgaoileadh leis an uair úd,” ar seisean leis féin, “bhéadh trí cheud agam; ach ní dhéanan san deifirigheacht ar bith, mar d’airigheas ’ghá rádh é go leanfadh an sparán teann, d’aimhdheóin a mbainfí as.

Chuir sé an t‑airgead ’na phóca airís, agus chuir sé chuige an sparán go cruinn agus go h‑aireach sa phóca a bhí ar an dtaobh istigh d’á bhest. D’eirigh sé ’na sheasamh ansan agus chroth sé é féin, agus geallaim dhuit gur ró ghearr a lean cuimhne an sgannradh dhe.

“’Seadh!” ar seisean. “Ní mór dom capall a cheannach agus gan bheith am’ mharbhadh féin ag dul go dtí an t‑Aifrean am’ chuis gach Domhnach agus lá saoire. Agus ní mór dom bó a cheannach agus gan bheith ag brath ar cheann do na h‑ubhlaibh beaga san chun an tarta do bhaint díom. Agus go deimhin is dócha go gcaithfead pósadh, mar conus fhéadfainn féin an bhó do chrúth? Ach pé rud a dhéanfad, ní mór dom rud éigin d’ithe láithreach. Ní raibh a leithéid d’ocras orm le bliaghain!”