Jump to content

Page:Seadna.djvu/76

From Wikisource
This page has been validated.
72
SÉADNA

CAIBIDIOL A NAOI.

Peig.—Níor fhill Séadna an lá san, agus níor fhill sé an oídhche sin.

D’fhan Micil i bhfeighil na h‑áite. Is air a bhí an iongnadh nuair a fuair sé ná raibh Séadna ag teacht. Thug sé an oídhche ’sa chathaoir shúgáin. Cheap sé ó am go h‑am go mbéadh Séadna chuige an dorus isteach. Trí h‑uaire do phreab sé ’na shuidhe agus chuaidh sé go dorus. D’airigh sé ciscéim duine, dar leis féin, gach uair díobh, agus thabharfadh sé an leabhar gur bh’é Séadna a bhí ann. An uair dheirineach díobh, cheap sé go bhfeacaidh sé Séadna féin ag déanamh ar an ndorus, agus do bhog sé a bheul chun labhartha leis, ach nuair dh’fheuch sé níos cruinne ní raibh aoinne ann. Níor chuaidh sé go dorus a thuille. D’fhan sé sa chathaoir i n‑aice na teine. Chuir sé fód móna sios anois agus airís. Bhí sé ansan faid gach n‑fhaid. Cheap sé nár bh’fhéidir aon oídhche bheith chómh fada. Do bhí uaigneas agus crith-eagla air agus faitchíos, agus níor fhág san é gan múisiún codlata bheith air ó am go h‑am. Do thuit múisiún díobh air ba thruime ’ná a chéile, agus do chonaic sé lán an tíghe de dhaoinibh beaga dubha ’na thímpal, agus iad go léir ar a thí, agus aon duine uasal amháin ann agus é ’ghá chosaint ortha. Do shleamhnuigh duine acu isteach ar an dtaobh thiar de’n duine uasal agus thug sé fobha fé Mhicil, agus a fhiacla nochtaithe aige.

Do phreab Micil as a chodla. Bhí oiread fraocháin ins gach braon alluis a bhí leis, agus é ar baill-chrith.

“A Mhuire na bhfeart!” ar seisean, “cad a dhéanfad? Nó cad d’imthigh ar an oídhche go bhfuil sí