chómh fada? Nó cad d’imthigh ar Shéadna, nó cad ’tá ’ghá choimeád? Má oirean dó cleamhnas a dhéanamh le Sadhbh, nár chóir go mbéadh an lá fada a dhóithin chuige agus gan bheith ag caitheamh na h‑oídhche amuich ar an gcuma so? Is dorcha an duine é. Is deacair bheith suas leis. Dubhairt sé gur shaoire dhí bheith marbh ’ná é ’ghá pósadh, agus siné anois é ’ghá pósadh ar a dhícheal. Ní fheadar an tsaoghal cad uime gur shaoire dhí bheith marbh ’ná é ’ghá pósadh. Ba dhóich liom-sa gur shaoire dhó-san bheith marbh ’ná Sadhbh ’ghá phósadh. Ní phósfainn í ar a bhfuil d’airgead ag Séadna agus aici féin agus ag á h‑athair i dteannta a chéile, feuch!”
Le n‑a linn sin thug sé fé ndeara solus mar bhéadh eirighe an lae. Chuir san árd-mhisneach air. Ach i gceann tamaill isé rud d’eirigh ’ná an ghealach. Nuair a chonaic sé solus na gealaighe ag taithneamh isteach tríd an bhfinneóig agus anonn ar an gclabhar mar a raibh an mhealbhóg ar crochadh, agus gan aon leus de sholus an lae ag teacht, do dhubhuigh agus do ghormuigh aige, i dtreó, dá leigeadh eagla dhó é, go gcromfadh sé ar ghol. Nuair a tháinig an solus cruinn ar an mealbhóig do chuir sé dealbh cinn duine uirthi. Cheap Micil ná feacaidh sé eighre riamh ach é ar cheann na caillighe sa sgeul fiannuidheachta, go mbíodh an dá fhiacal ba shia siar ’na ceann mar dhá mhaide croise aici. Nuair a bhí sé ag feuchaint tamall air do choruigheadar na súile agus do bhog an beul mar a bhéadh sé chun labhartha. Bhí a fhios ag Micil go maith ná raibh ann ach an mhealbhóg, ach mar sin féin do choruigh a chuid fola agus do sheasaimh a ghruaig agus do ghluais colgrithfín fan chnámha a dhroma. B’éigean dó a shúile do dhúnadh sul a mbéadh sé ag feuchaint ar na súilibh úd ag coruighe. Ba ghearr go mb’éigean dó iad d’osgailt airís le h‑eagla agus le