M.—Éist, a laoġ liom. Cad fé ndeár an sgannraḋ?
F.—Ó, leog ḋom féin, a ṁáṫair. Tá uaṫḃas orm. Tá an doṁan go léir lán de ríġṫiḃ móra agus d’ḟearaiḃ armṫa agus de ċapailiḃ agus de ḋaoiniḃ, agus gan aon ḟear acu gan sleaġ ’na láiṁ aige. Nuair ḟéaċfá uait orṫa ba ḋóiċ leat gur coill ṁór ḟada leaṫan a ḃeaḋ ann, agus í ag bogaḋ agus ag leasgaḋ, agus í dá suaṫaḋ mar a ḃeaḋ gort le gaoiṫ. Ní féidir raḋarc d’ ḟaġáil ar aon ḟód tailiṁ árd ná íseal, aċ slóiġte agus arm, slóiġte agus arm; agus fuaim, fuaim, fuaim; im’ ṫimċeall san aér agus istiġ im’ ċluasaiḃ; agus creaṫán sa talaṁ fé m’ ċosaiḃ. Tá sgeón im’ ċroiḋe ó ḃreiṫ ag féaċaint orṫa. Tá sgeit agus anaiṫe orm. Tá a ḃfuil idir ċeiṫre áṫa Muiġe hAoi ’na steillḃeaṫaiḋ ba ḋóiċ leat. Cá ḃfuaraḋ na slóiġte go léir! Níor ṁeasas go raiḃ oiread daoine i nÉirinn. Ó, a ṁáṫair a ċroiḋe ’stiġ, má ṫéid siad súd go léir go Cúige Ulaḋ ní fágfar duine ná beiṫiḋeaċ beó ann!
M. (Ag cimilt a baise de ċeann a hinġine)—Éist, a laoġ. Ní baoġal duit. Is aṁlaiḋ atá an mór-ṡluaġ ag bogaḋ ċun gluaiste agus ’ġa gcur féin i dtreó agus i n‑eagar ċun a dtaisdil do ḋéanaṁ gan doċar ná iomard dá ċéile. Tá mór-obair le déanaṁ acu agus ní féidir mór-obair do ḋéanaṁ gan mór-ċongnaṁ. Ná bíoḋ ceist or, a ġraiḋn. Ní baoġal duit-se iad, geallaim duit é. Is cáirde dílse duit-se iad go léir. Ní’l aon ḟear ar na mílte fear san ná himreóċ a anam go fonnṁar ar do ṡon-sa. Ní’l rí uasal ná mac rí orṫa, ó aon ċúige de na ċeiṫre cúigíḃ, ná déarfaḋ leis féin láiṫreaċ go mbeaḋ an ḃean is áilne agus is