uaisle i nÉirinn aige dá ḃfaġaḋ sé ṫusa mar ṁnaoi! Tá fios an méid sin agam-sa, a ċailín. Féaċ náċ beag an sgannraḋ atá ar t’aṫair, agus tá a ḟios aige cad a ḃainean le contaḃairt agus le buaireaṁ cogaiḋ.
O.—Ní heaḋ aċ féaċ náċ beag an sgannraḋ atá ar do ṁáṫair, mar ní’l aon tsuim aici i gcontaḃairt ná i mbuaireaṁ cogaiḋ.
F.—Náċ truaġ ná féadan an saoġal déanaṁ gan cogaḋ! Tá talaṁ agus tiġearnas, agus maoin agus saiḋḃreas a ndóiṫin ag na Mainiḃ agus ag Macaiḃ Máġaċ. Tá a ndóiṫin mór ag Cú Raoi agus ag ríġṫiḃ Muṁan. Tá an talaṁ is fearr i nÉirinn sa Ṁuṁain. Cad tá orṫa ná fanaid siad sa ḃaile agus a suaineas do ċeapaḋ agus a gcuid saoġaltaċta do ċur ċun soċair agus ċun tairḃe le hobair agus le gnó agus le tiúsgal! Ḃeaḋ Éire níos saiḋḃre go mór ná atá sí da mba ná beaḋ aon ċógaḋ ann aċ na daoine go léir d’ ḟanaṁaint sa ḃaile ag déanaṁ críċe agus tiúsgail agus deaġ-ċoṁarsanaċta, ag caḃrú le n‑a ċéile go síoċ agus go suilḃir agus go suairc. Annsan iseaḋ ḃeaḋ an raṫ ar Éirinn.
M.—Sdó féaċ anois, a laoġ mo ċroiḋe. Tá neiṫe ann is mó go mór ag mac rí nó ag inġin rí ná maoin agus ná saiḋḃreas agus ná sáiṁe. Is beag acu saiḋḃreas gan mór-ċlú. Cad é ’ṁaiṫ maoin mara ḃféadtar é ċosaint! An fear a loirgean sáiṁe ḋó féin ní’l ann aċ spreas. Ní fada ḋó go dtiocfaiḋ an naṁaid a ḃainfiḋ an tsáiṁ-ríġeaċt dé. Ní mar sin d’ ḟear an ċroiḋe ṁir, d’ ḟear an ċroiḋe uasail. Ní hi sáiṁe ná i suaineas atá a ṁian aċ i nduaġ agus i ḃfulang agus i