taiṫnean sí go háluinn linn. Is cuma cad é an cor a taḃarfar dóiḃ aċ gan iad do ḃeiṫ sa ċóir agus sa ċumas coṁraic iona ḃfuilid. Ní’l aoinne is fearr a ḋéanfaiḋ an díosgaoile sin ná ṫusa, a Ḟearġuis. Dá gcuireaḋ aoinne eile ċun a ḋéanta ba ḋóiċ leis an mbuiḋin mbig sin gur ar tí díoġḃála ḋóiḃ a ḃeifí, aċ nuair a ċífid siad tusa ’ġá ḋéanaṁ tuigfid siad ’n‑a n‑aigne gur ar ṁaiṫe leó é. Is deiṁin leó ná déanfá-sa feall orṫa. Imṫiġ, a Ḟearġuis, agus dein an díosgaoile sin. Agus ní foláir doṁsa féin imṫeaċt arís. Tá an tsluaġ ró ṁór. Mara gcurtar riar cruinn agus órdú soiléir ar na tuaṫaiḃ, agus ar na treaḃċasaiḃ, agus ar na haicmeaċaiḃ, agus ar gaċ cine fé leiṫ, déanfaid siad iomard agus toirmeasg dá ċéile agus imṫeóċaid siad ó smaċt. Tar-sa liom, a rí, go gcuiream gaċ drong um a rí agus gaċ réim um a ríogra, gaċ buiḋean um a dtaoiseaċ agus gaċ rí agus ríoġḋaṁna d’ḟearaiḃ Éirean i mbun a ċoda féin de’n ṁór-ṡluaġ ar ḃóṫar fé leiṫ.
(Imṫiġid.)
AN CÚIGEAḊ RAḊARC.
Fearġus i n’ aonar.
F.—Is cruaiḋ an cás é. Is míorḃuilteaċ an ḃean í seo. Féaċ an ċuma ’na ḃfuilim aici agus gan aon dul as agam. Me ag déanaṁ eóluis isteaċ i gCúige Ulaḋ do ṁór-ṡluaġ naṁad,—agus nára