maiṫ agam! Mise, a ċeap riaṁ ná fanfaḋ braon fola im’ ċorp dá ḃfeicfinn órlaċ de ṫalaṁ na cúige sin fé ċosaiḃ naṁad! Sin é anois me im’ ḟear cinn riain ag seólaḋ mo naṁad isteaċ im’ ṫír dúṫċais féin! A! a Ċonċoḃair, is olc an gníoṁ a ḋeinis. Is fada anonn a ṫéiġean iarsma an droċ-ḃirt. Is trom a luiġean iarsma do ġníṁ-se orm-sa indiu, agus is gearr go luiġiḋ sé níos truime ort féin agus ar an ndúṫaiġ ṁíḟortiúnaċ ’na ḃfuil sé de ċrann uirṫi ḃeiṫ fé annsmaċt agat. Táim idir ḋá olc. Ḃíos im’ ġéilsine ḋílis do Ċonċoḃar go dtí gur ḃris sé a ḃriaṫar rí liom agus gur ṁairḃ sé Clann Uisniġ ṫar mo ċomairce. Do sgar an gníoṁ san me leis. Táim im’ ġéilsine do Ṁéiḃ agus d’ Oilill ó ṡin. Tá sé ċoṁ ceangailte orm anois ḃeiṫ dílis do Ṁéiḃ agus ḃí sé orm an uair sin ḃeiṫ dílis do Ċonċoḃar. Is ró ṁaiṫ atá fios an méid sin ag Méiḃ agus ag Oilill. Is maiṫ is eól dóiḃ náċ féidir doṁsa mo ċeangal géilsine do sgaoile mara mbristear briaṫar rí liom féin ar dtúis. Náċ naṁaid agam Conċoḃar! Náċ i n‑aġaiḋ Ċonċoḃair atá an slógaḋ so! Cad tá le ráḋ agam? Náċ é is luġa is gann dom eólus sliġe ḋéanaṁ do’n tslógaḋ uasal atá ag teaċt fé ḟuaċt agus fé annró ċun mo naṁad do ċlaoiḋ agus ċun me féin do ċur arís i réim i dtalaṁ mo ṡinsear! Ó, a Ṁéiḃ, is doiṁinn an ḃean tu! Is daingean an greim atá agat orm! Ṫugas cúl le m’ ḋúṫaiġ féin tré ġráin ar an ḃfeall a ḋein Conċoḃar. Sin feall níos caillte ná é agam féin dá ḋéanaṁ anois. Cad é ’ḃríġ feall Ċonċoḃair seaċas an feall so! Níor ṁairḃ Conċoḃar aċ triúr. An feall so
Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/56
Appearance