agus isé Conċoḃar a ḃeaḋ buiḋeaċ ar ball. Do cuireaḋ orm-sa an t‑éolus do ḋéanaṁ. Ṫuigeas im’ aigne go raiḃ orm é ḋéanaṁ sa ċeart. Ṫuigeas im’ aigne gur ḃ’ ḟearr é ḋéanaṁ sa ċeart, agus aimsir do ṫógaint ċuige ná é ḋéanaṁ le diṫineas agus an obair go léir do lot agus an tsluaḋ do ċur ag marḃaḋ a ċéile. Aċ ní hé an té a ḋeinean an ceart a ġeiḃean creideaṁaint uait-se, a ríogan, aċ an té a ḋeinean do ṫoil.
M.—Ní foláir a adṁáil go ḃfuil an ċaint go maiṫ agat, a rí. Measaim áṁ, go ḃfuil an ní sin réiḋtiġṫe agat. Caṫin a ḃeam ag druidim soir ó ṫuaiḋ?
F.—Ní mise d’ ḟreagróċaiḋ an ċeist sin, a ríogan. Ní féidir doṁsa a ṫuille eóluis a ḋéanaṁ do’n ṁór-ṡluaġ so. Ní curfar feall im’ leiṫ arís de ḃarr na hoibre seo.
M.—Sin feall eile!
F. (Ag cur smuta gáire as).—Is feall é ḋéanaṁ agus is feall gan é ḋéanaṁ. Is cuaiḋ an ġéilsine í sin, a ríogan. Náċ dóiċ leat féin gur cruaiḋ? Cad ’deir Oilill leis an ngéilsine sin? Ar hiaraḋ riaṁ a leiṫéid ar aon ḟear?
O.—Measaim go ḃfuil mearḃal tuigsiona sa sgéal. Pé aimsir atá riaċtanaċ ċun na hoibre do ḋéanaṁ ar an gcuma is fearr ’na n‑eireóċaiḋ ár gcuaird linn ní haimsir amú í. Ní ṁeasaim go ndéarfaḋ Méiḃ gur b’ eaḋ.
M.—Má caiṫtear an aimsir do’n réir seo beiḋ cáirde fada againn sara mbeimíd i gCuailnge, ní áirṁiġim ḃeiṫ i nEaṁain!
F.—Tá do ḋóiṫin daoine agat, a ríogan, ċun an eóluis seo do ḋéanaṁ. Cuir ’ġá ḋéanaṁ iad.