Ní gá ḋuit ḃeiṫ ag braṫ orm-sa. Ní cóir agus ní ceart an obair do ċur orm-sa. Ní cara agam-sa Conċoḃar. Is naṁaid agam é. Níor ṁisde liom eólus a ḋéanaṁ do’n ṁór-ṡluaġ so isteaċ i gcúige Conċoḃair dá mba ná beaḋ ṫíos leis aċ Conċoḃar féin. Aċ tuigim go ḃfuiltear ar aigne léir-sgrios a ḋéanaṁ ar ċúige Ulaḋ go léir. Is boċt an saoṫar d’ Ḟearġus ṁac Róiġ mór-ṡluaġ do stiúrú ċun a ṫíre dúṫċais féin do sgrios!
M.—Agus, a Ṁic Róiġ, cad ’na ṫaoḃ ná duḃraís an méid sin ar dtúis?
F.—Táim i ngéilsine d’ Oilill agus do Ṁéiḃ. Ní raiḃ dul agam ó’n ngéilsine go dtí gur briseaḋ briaṫar rí liom agus gur cuireaḋ idir ḋá olc mé, agus gur cuireaḋ feall im’ leiṫ ar gaċ taoḃ. Déarfaḋ Ultaiġ go raiḃ sé ceangailte orm an t‑eólus do ḋéanaṁ an ḟaid nár cuireaḋ feall im’ leiṫ. Aċ déarfaḋ Ultaiġ ná fuil an ceangal san orm a ṫuille nuair a tugaḋ an easonóir dom. Ní gá ḋom an ní sin do léiriú níos mó ḋuit-se, a Ṁéiḃ.
M.—Ní gá ḋuit an ní sin do léiriú ḋúinn i n‑aonċor. Ṫuigeamair nár ḃ’ ḟéidir d’ Ḟearġus feall do ḋéanaṁ agus ḃí iongna orainn nuair a ċonaiceamair an riġneas. Aċ caiṫimís uainn é mar sgéal agus dein an t‑eólus.
F.—Is léir do t’ aigne fein, a ríogan, náċ féidir dom.
M.—Tá go maiṫ. Caiṫfear duine éigin eile d’ḟaġáil ċuige.