37
Níorḃ' ḟada go raiḃ Caoiṁġín ar an mbóṫar, agus é ċóṁ sona le fuiseóig. Ḃí a ṁalairt de ṫuairim aige annsin i dtaoiḃ na duaise agus na sgéalta. An saoġal ar a raiḃ tráċt ionta súd ḃí nadúrṫaċt agus croiḋeaṁlaċt agus cráiḃṫeaċt ann; ḃí carṫannaċt agus croiḋe na féile ann; ḃí grása Dé ann. “A Ṫiġearna do b' ionṁum liom sgéiṁ do ṫiġe agus ionad cóṁnaiḋṫe do ġlóire.” Ḃí cuid sgéiṁe ṫiġe Dé agus lonnraḋ a ġlóire le feicsint agus le fáġail i gCluaintobair féin. Ba ṁaiṫ an ṁaise ḋó a greann agus a gráḋṁaireaċt a noċtaḋ ṫríd sgéilíní.
Aċt cé an fáṫ go raiḃ an oiread sin difriġeaċt' idir an tuairim a ḃí aige annsin agus an tuairim a ḃí aige an oiḋċe roiṁe sin? Sin ceist a ḃí ag Caoiṁġín air féin agus é ag dul tré Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Níor ṫáinig aṫrú ar na sgéalta. Ḃí an intinn ċéadna aige féin. Ba léir gur ṫuit rud éigin amaċ san “ṁór-intinn,” san “ḃeaṫaiḋ fá ċeilt,” nuair ḃí “sé” 'na ċodlaḋ. Agus nárḃ' iongantaċ an rud a ċorp agus a intinn a ḃeiṫ i n-a gcodlaḋ, agus an ṁór-intinn fá ċeilt a ḃeiṫ ag obair san am céadna! Is minic a ḃíodar ag tráċt i gCumann Erigena i dtaoiḃ a raiḃ 'gá ḋéanaṁ ag an ṁór-intinn nuair a ḃí an gnáṫ-ḋuine 'na ċodlaḋ. Ní gáḃaḋ a ráḋ naċ mbéaḋ eolas ná cuiṁne ar an obair sin ag an ngnáṫ-ḋuine ar ḋúiseaċt dó. Dá mba rud é go mbéaḋ is air a ḃéaḋ an-iongantas.
Ḃí Úna ag fanaṁaint le Caoiṁġín i dtiġ an Ċanónaiġ. Tar éis seal do ċaiṫeaṁ dóiḃ ag caint le n-a ċéile ċuadar amaċ, agus d' imtiġeadar leo trasna na mbánta go bruaċ na fairrge.
Gaċ uair a ḃí Úna le n-a ṫaoiḃ ṫáinig aṫrú i n-intinn Ċaoiṁġín nár ḃ'ḟéidir leis ṫuigsint. Ṫáinig árd-ṡuaiṁneas 'na anam, agus do saṁluiġeaḋ dó go raiḃ fios iongantaċ, áiriṫe aige ar ċúrsaiḋe an anama agus ar ḃríġ an tsaoġail. Is minic do ḃí Úna ag magaḋ faoi, go sáṁ, caoin, deisḃéalaċ, aċt do ḃí a magaḋ ċóṁ aoiḃinn leis agus do ḃí a molaḋ.
“Níor ċeapas go dtiocfá dom' ḟéaċaint ar ċor ar biṫ,” ar Úna, ar suiḋe síos cois na fairrge dóiḃ. “Uġdar mór atá ionnat anois, agus ní gnáṫaċ le h-uġdair ṁóra suim a ċur i n-daoine coitċeannta.”
Do ṗóg sé a béal agus duḃairt sé: