38
“Is iongantaċ an cailín ṫú. Táir ċóṁ h-aereaċ, ċóṁ deis-ḃéalaċ sin a's náċ gceapfaḋ duine go ḃfuil fíor-ċroiḋe ionnat ar aon ċor.”
“Agus b' ḟéidir naċ ḃfuil,” ar Úna. “Abair gur cailín ceann-éadtrom, sgigeaṁail mé, cailín naċ fiú smaoineaḋ ó uġdar mór an Oireaċtais.”
“Cailín naċ féidir le huġdair an Oireaċtais go léir cur síos ar a háilneaċt, a míne, agus a gráḋṁaireaċt,” ar Caoiṁġín.
“Is deas an sgéal é,” ar Úna, “rí-uġdar ag leigint air gur mór aige cailín simpliḋe ó'n dtuaiṫ. Nó, b' ḟéidir, a uġdair ṁóir, go ḃfuilir faoi ḋraoiḋeaċt na maidne, nó faoi ḋraoiḋeaċt an Oireaċtais fós. Aċt ná ḃí ró-ṗlámásaċ ar fad——”
“Táir ag éiriġe níos deis-ḃéalaiġe 'ná mar ḃís riaṁ,” ar Caoiṁġín. “Ní fiú ‘uġdar’ a ṫaḃairt orm fós. Ní ḟuaras aċt duais ar son sgéilíní simpliḋe a ḃaineas le mo ḋúṫċas féin——”
“Ó!” ar Úna. “Níl ionnat aċt sgéalaiḋe na tuaiṫe! Agus mé dá ráḋ liom féin ó ṁoċ-ṫráṫ na maidne ‘béiḋ uġdar mór ag teaċt dom' ḟéaċaint’! Agus an ṁórḋáil a ḃí orm 'na ṫaoḃ! A Ċaoiṁġín Uí Ċearnaiġ, is mealltóir ṫú, mealltóir críoċnuiġṫe. Tar éis an méid feallsaṁnaċt' atá cruinniġṫe i do ċeann níor ṡaoileas go ndéanfá sgéalta ar rudaí suaraċa, áiteaṁla——”
“Fan go fóill!” ar Caoiṁġín. “Tá lá eile ag teaċt. Nuair a ḃím i d' ḟocair ḃíonn sár-áṫas orm. Ní ionann an ‘duine’ a ḃíos ionam annsin agus an ‘duine’ a ḃíos ionam agus mé im' aonar. Nuair a ḃéas tú liom i gcoṁnuiḋe béiḋ mé i n-ann litriḋeaċt do ċumaḋ a ċuirfeas iongnaḋ ar Éirinn.”
“Agus táir cinnte glan go mbéiḋ mé leat,” ar Úna, ag mion-ġáire.
“Adṁuiġim go mbíonn eagla orm—anois agus arís—naċ féidir é,” ar Caoiṁġín. “Saoilim annsin go mbéaḋ sé ró-iongantaċ, ró-aoiḃinn. Aċt tá na mílte fear agus na mílte ban pósta le ċéile, 'na gcoṁnuiḋe le ċéile, agus sonas ṫar meoḋan orṫa. Cé'n fáṫ naċ mbéaḋ an sgéal céadna againne? Agus nuair a ċuiṁniġim ar a raiḃ le ráḋ ag do ṁáṫair ḋil 'nár dtaoiḃ níl aṁrus ar biṫ orm.”
Níor laḃair Úna ar feaḋ tamaillín. D'ḟéaċ sí i dtreó na fairrge, agus clóḋ smuainteoraċta uirṫe.