AN SEAĊTṀAḊ RAḊARC.
Cliaṫán sléiḃe. Tig beirt de’n tsluaġ isteaċ, duine ó gaċ taoḃ.
An ċéad ḟear.—Haló! Cé hé ṫusa?
An dara fea.—Mise me féin, agus cé hé ṫusa?
An ċéad ḟear.—An deaṁan an dóiċ liom go ḃfeadar cé hé me féin ná cé hé aoinne eile! Ceocu soir nó siar atá ár n‑aġaiḋ?
An dara fear.—Ní hí sin an ċeisd aċ ceocu ó ṫuaiḋ nó ó ḋeas atá ár n‑aġaiḋ? Ní féidir liom a ḋéanaṁ amaċ cá ḃfuilim ag gaḃáil.
An ċéad ḟear.—Is maiṫ an ḃail ort ná fuil a ḟios ag Méiḃ tu ḃeiṫ ag gluaiseaċt mar sin ar seaċrán. Dá mbeaḋ a ḟios aici ba ġearr go múinfeaḋ sí ḋuit cé hé ṫu.
An dara fear.—Ní ḟeadar an tsaoġal cad ’tá orm. Measaim gus ġaḃas an bóṫar so seaċt n‑uaire ó ṁaidean!
An ċéad ḟear.—Ní ḟéadfá an bóṫar so do ġaḃáil i n‑aonċor ó ṁaidean i gan ḟios doṁsa. Táim ag gaḃáil an ḃoṫair seo ó ṁaidean, ag fille ’s ag aiṫḟille air, agus ní ḟeaca ṫusa go dtí an neómat so. Cad as tu, le d’ ṫoil?
An dara fear.—Ó ċois Leaṁna sa Ṁuṁain. Agus dá mbeinn ann arís ní ṫiocfainn as. Tar éis a tuigtear gaċ beart.
An ċéad ḟear.—Aililiú! Caṫin a ḃeiḋ ḃur ndeire aneas?
An dara fear.—Nuair a ḃeiḋ ár n‑aġaiḋ ó ḋeas.
An ċéad ḟear.—Oċón! Is deisḃéalaċ an duine ṫu! Ní ḟeaca riaṁ Muiṁneaċ aċ deisḃéalaċ.
[ 51 ]An dara fear.—Mise mar sin!
An tríoṁaḋ fear.—Éist! Tá Fearġus ċuġainn!
Fearġus.—Táṫar ċuġaiḃ, a ḟeara Éirean. Déiniḋ faire nó tiocfar i gan ḟios oraiḃ. Ṫáinig a ṁeanmna ċuġam. Is é mo ḋalta féin é. Ṫáinig a ġéar-ṁeanmna ċuġam. Is é an león leadarṫa é, agus an braṫ bioḋḃa, agus an bioḋḃa soċraide, agus an ceann cosdaiḋṫeaċ, agus an ciorḃaḋ mór-ṡlóġ. Is é mo ḋalta é. Is me a ṁúin a ċleasa gaile agus gaisge ḋó. Táid na cleasa go hoilte aige. Is cuma ameasg a naṁad é nó león ameasg caoraċ. Ní féidir do naṁaid teaċt ar a aigne ná a ḟios d’ḟaġáil cad é an fuadar a ḃíon fé, agus deinean seisean iad do ḃreiṫniú ċoṁ cuinn sin náċ féidir dóiḃ an t‑eólus ná an beartú a ḃíon ’n‑a n‑aigne do ċoimeád uaiḋ. Ní ḟéadan soċraid ṁór naṁad seasaṁ i na aġaiḋ, leagan sé agus gearran sé mór-ṡluaġ roimis amaċ, mar a ġearrfaḋ speal féar glas. Is é mo ḋalta é. Cú Ċulainn mac Sualtaim. Tá sé ag teaċt agus ní maiṫ an ḃail ar ḟearaiḃ Éirean é ḃeiṫ ag teaċt. Is cuma é nó cainneal aḋanta. Tá solus a ṁór-ġníoṁarṫa le lasaḋ agus le leaṫaḋ ar fuid na hÉirean ar fad le déine an ċoisg a ċuirfiḋ sé ar an mór-ṡluaġ so. Tá sé óg, aċ dá óige é tá a ċlú go hárd ċeana féin tré a ḟeaḃas a ḋeinean sé forlaṁas agus reaċt agus smaċt agus feiḋm dliġe [ 52 ]ar a ṫír féin, ar Ṁaġ Muirṫeiṁne. Mór-ġlonnaċ Muiġe Muirṫeiṁne a tugtar air. Tá sé ċuġaiḃ. Déiniḋ faire nó tiocfaiḋ sé oraiḃ i gan ḟios. Déiniḋ faire, aċ ní ṡaorfaiḋ an faire ar a láiṁ siḃ, a ḟeara Éirean. Nuair a ḃeiḋ ḃur laoċra ar míṫreóir aige, agus ḃur ḃfeara cróḋa ar feóḋ aige, ná habarṫar gur ḟág Fearġus siḃ gan foláraṁ. Tá foláraṁ agam dá ṫaḃairt daoiḃ. Déiniḋ faire, aċ deirim liḃ ná déanfaiḋ faire an gnó ḋaoiḃ.
Méiḃ.—Is teann an ċaint í sin, a Ṁic Róiġ. Ba ṫeann an ċaint í le déanaṁ ar ṁór-ṡluaġ naṁad dá mbeidís ag teaċt. Aċ is annspianta an ċaint í le déanaṁ ar aon laoċ aṁáin. Ṁeasfá a ċur ’na luiġe orainn go ḃfuil ar a ċumas ag aon laoċ aṁáin, i n‑a aonar, gan a ḃeag ná a ṁór de ṡluaġ ina ḟoċair, seasaṁ i n‑aġaiḋ ċeiṫre ollċúige Éirean agus caṫ do ḃrise orṫa, agus éirleaċ do ḋéanaṁ orṫa! Ní gnáṫ le Fearġus caint gan éifeaċt do ḋéanaṁ, aċ is dóiċ linn nár airiġeamair caint ċoṁ baoṫ leis an gcaint sin atá déanta anois aige. Is iongantaċ an obair mara ḃféadfaid ċeiṫre ollċúige Éirean iad féin a ċosaint ar aon ḟear aṁáin!
Fearġus.—Tá go maiṫ, a ríogan. Nuair a ḃeiḋ éirleaċ dá ḋéanaṁ ar do ṡlóiġtiḃ agus gan raḋarc agat ar an naṁaid a ḃeiḋ ag déanaṁ an éirliġ, ná habair gur ḋein Fearġus feall ort le gan a innsint duit go raiḃ an t‑éirleaċ ag teaċt. Nuair a ḃeiḋ t’ anam féin i gcontaḃairt ó ċrann taḃail Ċú Ċulainn ná habair gur ḃ’ olc ó Ḟearġus gan a ċur i n‑úil duit gur ṫáinig géar-ṁeanmna a ḋalta ċuige, agus go mór mór, ná habair gur [ 53 ]ar ṁaiṫe le Conċoḃar a coimeádaḋ uait fios an ġéar-ṁeanmna sin. Nuair a ḃeid cáirde síḋe Ċú Ċulainn ag caḃrú leis sa lá éigin seo atá ag teaċt anois air, agus nuair a ḃeid na mílte d’ ḟearaiḃ Éirean ag tuitim le neart ná claoiḋtear le faoḃar, ná habair-se, a ríogan, gur ḋein Fearġus feall ar ḟearaiḃ Éirean, ’ġá sgaoile gan foláraṁ i ngleic le coṁaċtaiḃ do-ṁarḃṫa síḋe.
M.—Tuig-se id’ aigne, a Ṁic Róiġ, ná fuil ár mór-ṡluaġ gan caḃair agus comairce ó ċoṁaċtaiḃ uaisle síḋe atá ċoṁ dílis agus ċoṁ do-ċlaoiḋte leis na coṁaċtaiḃ is fearr ḟéadfaḋ a ḃeiṫ ag an gCú Ċulainn sin a deirir-se, agus tuig id’ aigne, leis, go sloigfiḋ an talaṁ an Cú Ċulainn sin nó go ḃfaġad-sa raḋarc air.
Fearġus.—Ní’l agam le ráḋ, a ríogan, aċ ná habarṫar nár ṫugas foláraṁ uaim.
M.—Ṫugais. Ṁeasais sgeón a ċur i n‑ár muintir roiṁ aon laoċ aṁáin! Ná déiniḋ-se, a uaisle, iomad suime de ċaint Ḟearġuis. Dá n‑innsinn m’ aigne déarfaḋ sé gur feall a ḃeaḋ agam dá ċur ’na leiṫ. Aċ, ní náċ iongna, is mó aige an dalta beag so leis féin ná aoinne eile do laoċra Éirean. Is mór ag Fearġus Cú Ċulainn aċ ní ró ṁór agam-sa é. Is mór ag Fearġus cáirde síḋe a ḋaltáin aċ ní’l a ḟios ag Fearġus gur naṁaid do Ċú Ċulainn an Ṁórríoġan! Ní ċuirim-se feall i leiṫ Ḟearġuis. Ní ċuirim ’na leiṫ aċ díṫ eóluis. Ṁeas sé sgeón a ċur ionainn go léir le crann-taḃail Ċú Ċulainn agus le n‑a ċáirdiḃ síḋe. Ní daoine sinne ċun sgeón do ġlacaḋ ó árd-ṁolaḋ Ḟearġuis ar a ḋalta ḃeag! Gluaisiḋ, a ríogra. Táimíd ag bogaḋ soir ó [ 54 ]ḋúltuiġ Fearġus do’n eólus a ḋéanaṁ dúinn. Ní loċt air náċ maiṫ leis sinn do ḋul ró ḟada soir. Aċ ní’l leiġeas aige anois ar an sgéal.
F.—Bíoḋ ḃur dtoil agaiḃ, a ríogra.