AN T-SEAN-ĊAILLEAĊ SA ĊÓFRA
Do ḃí beirt dearḃráṫair ann fadó agus do ḃíodar araon pósda. Do ḃí muirear mór ar ċeann aca aċt ní raiḃ aoinne clainne ag an duine eile. Do ḃí fear an ṁuirir an-ḋealḃ. Níor ṁar sin do an ḃfear eile; do ḃí sé an-ṡaiḋḃir. Do ḃí feirm ṁór ṫalṁan aige, agus strus agus geall air. Ṫáinig an saoġal ċoṁ [ 50 ]cruaiḋ sin ar an ḃfear boċt agus gan aige aċt an t-aon ḃó-ín aṁáin b’éigean dó í do ṫaḃairt leis go dtí an aonaċ ċum biaḋ agus éadaċ d’ḟaġḃáil dá leanḃaiḃ. Níor ḟiafruig aoinne ḋé ar an aonaċ cad ḃí aige. Do ḋuiḃ agus do ṫeann air nuair do ċaiṫ sé í do ṫaḃairt a [do] ḃaile arís agus fios aige gurab é an dealḃas ḃí sa mbaile roiṁe.
Do casaḋ stracaire air ar an mbóṫar. “Dia ḋuit, a ḟir an tiġe,” ar seisean. “Dia ’s Muire ḋuit a’s Pádraig,” arsa an fear boċt cráiḋte leis. “An ag díol nó ag ceannaċt ḃís,” arsa an stracaire. “Go ḃfóiriḋ Dia orainn, is ag díol do ḃíos agus má seaḋ níor ḋíolas agus ní ḟeadar mé cad ḋéanfad le mo sguaine agus gan aon rud le n-iṫe aca sa mbaile agus gan aon ḟaġḃáil air nuair nár ḋíolas í seo.” “Agus,” arsa an stracaire, “ḃfuil aon duine muinntearḋa agat d’ḟuasgaileóċaḋ ort go ḃfuiġḃṫeá an ḃó-ín do ḋíol.” “Atá, a ṁic ó, dearḃráṫair dam i mbéal an dorais a ḃfuil saiḋḃreas go leor aige agus is beag an ṁaiṫ ḋaṁ-sa é sin mar ní ḟéaċfaḋ sé orm.” “Ḃfuil aoinne clainne ag an dearḃráṫair sin.” “Ó níl, a ṁic ó, agus atá a ṡlioċt air, ní ṫuigeann sé ḋaṁ-sa ná do mo ċúram.” “An leigfeá leat mise go lá,” arsa an stracaire. “Go ḃféaċaiḋ Dia orainn ní beag dam mé féin agus a ḃfuil agam do ḃeiṫ ar an-áird agus gan tusa do ḃeiṫ ċoṁ dona linn.” “Is cuma sin, raġad leat,” arsa an stracaire.
Nuair do ḃíodar ag déanaṁ ar an ngeata do ḃí na páistí ar fad ar an mbóṫar ag faire go ḃfeicfidís a n-aṫair ag teaċt. Nuair do-ċonnacaḋ an ḃó aige arís ag teaċt ṫar n-ais, do liúġadar agus do sgreadadar agus do riṫeadar, isteaċ go dtí a máṫair agus aduḃairt léiṫe go raḃadar réiḋ anois, go raiḃ an ḃó ag teaċt ag a n-aṫair arís.
“Éistiġiḋ, a ṗáistí,” arsa an stracaire, “bíonn caḃair Dé ar bóṫar.” Agus ċoṁ luaṫ agus ṫáinig [ 51 ]dorċuġaḋ na hoiḋċe, “éiriġ,” arsa an stracaire le n-a n-aṫair, “agus faġ mála maiṫ mór dam.” “Ó cá ḃfuil tú ċum mé do ṫaḃairt?” “Is cuma ḋuit sa tubaiste aċt siuḃal leat.”
D’imṫiġeadar leo agus do ċuadar go dtí tiġ [teaċ] an dearḃráṫar agus do ċuaiḋ an stracaire isteaċ i dtiġ na bprátaí agus do líon sé an mála go maiṫ. Do ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ an ḃainne agus d’árdaiġ leis meascán breaġ ime. Do ċuadar a [do] ḃaile go dtí an ḃean ḃoċt ḃí ag baile agus aduḃradar léiṫe corcán díoḃ sin do ċur síos do na leanḃaiḃ. Do ċuir agus ní baoġal go raiḃ aon ocras orra ag dul a [do] ċodlaḋ annsin. Nuair ṫáinig an dara hoiḋċe aduḃairt an stracaire le fear an tiġe éirġe agus teaċt leis arís. “Ó Dia le mo anam, a Ṡeáin,” arsa an ḃean, “nó croċfar ṫú.” “Dar fiaḋ féin,” arsa an fear eile, “ní ċroċfar an ḟaid ’s ḃead-sa in a ḟoċair.” Do ċaiṫ sé imṫeaċt leis agus do ċuadar go dtí an ṗáirc mar a raiḃ beaṫaiḋiġ, agus do ċas an stracaire leis an t-seafaid do b’ḟearr fuair sé, agus ba ġairid an ṁoill ḃí air dá marḃaḋ agus dá cur i gcóir agus aduḃairt le bean an tiġe a ndóṫain do ċur síos do na páistíḃ dí sin. Do ċuir, agus, má ċuir, ní gan eagla é.
Do ḃí iongantas ar ḃean an ḟir ṡaiḋḃir, mar do ḃí a ḟios aici iad do ḃeiṫ an-ḋealḃ, agus aduḃairt sí le n-a ṁáṫair ná feadar sí cad do ḃí aca nó cá raḃadar ag faġḃáil greim le n-iṫe nuair nár ḋíoladar an ḃó. “Ní ḟeadar,” ar sísin, “cionnas do ġeoḃaimís amaċ é.” “Ní ḟeadar i mbasa,” arsa an maháṫair. “Raġad-sa suas go dtí Briġid (.i. bean an ḟir ḃoiċt) agus fiafróċcaiḋ mé dí an leigfeaḋ sí ḋam an cófra do ċur isteaċ sa cístin, mar go ḃfuilmíd ċum ḃeiṫ ag bualaḋ an arḃair agus go mbeaḋ sé sa t-sliġiḋ ḋúinn. Ġeoḃair-se dul isteaċ ann, a ṁáṫair, agus cuirfead-sa an glas air. Cuirfiḋ [ 52 ]mé poll ann sa t-sliġiḋ go ḃfuiġḃiḋ tú ḃeiṫ ag féaċaint amaċ tríd orra agus do-ċiḋfiḋ tú cad ḃeiḋ aca.” “Era a inġin ó,” arsa an ṁáṫair, “do caillfiḋe de an ocras mé fá ċeann ḋá lá.” “Ní ċaillfear,” arsa an inġean, “mar cuirfeaḋ-sa an oiread bíḋ ċuġat agus déanfaiḋ tú.” Do ċuaiḋ sí go dtí an ḃean ḃoċt agus d’fiafruiġ sí ḋí an ḃfuiġḃeaḋ sí an cófra do ċur isteaċ sa ċistin go ceann cupla lá mar go raḃadar ċum ḃeiṫ ag bualaḋ an arḃair, agus go ndéanfaḋ sé an-ṁaiṫ dóiḃ é do ḃeiṫ as an t-sliġiḋ ḋóiḃ. Aduḃairt sísin léiṫe go ḃfuiġḃeaḋ agus fáilte. Do cuireaḋ mo ṡean-ċailleaċ isteaċ sa ċófra agus tugaḋ suas go dtí an teaċ eile é. Ní raiḃ a ḟios ag aoinne go raiḃ aon rud istiġ ann. I gceann na hoiḋċe nuair do ḃíodar ag iṫe a gcoda agus corcán breáġ de ṡeafaid beirḃṫe aca, d’ḟéaċ ceann de na páistíḃ síos mar a raiḃ an cófra agus do-ċonnaic sí mar do ḃeaḋ réilṫín ag lasaḋ tré an bpoll i gcliaṫán an ċófra. “Ó a ṁam, a ṁam,” ar sísin, “féaċ an réilṫín atá sa mbosca úd ṡíos.” “Éist, a sciuirse,” arsa an ṁáṫair, “cad do ṫaḃarfaḋ réilṫín annsin?” “Ó atá sé ann go deiṁin,” arsa an páiste. “Dar fiaḋ, ṁuise,” arsa an stracaire, “beiḋ a ḟios agam-sa cad atá ann,” ag dul síos agus ag tarraing an ḃéil-aspa agus do ṫóg sé suas an clár. Cad do ġeoḃaḋ sé istiġ ann aċt mo ṡean-ċailleaċ agus gan cniug innte. “Atáir annsin, a ṡean-ṫubaisteoir,” ar seisean “aċt ní ṫaḃarfair-se an sgéal a [do] ḃaile leat mar do ṡíl tú é do ṫaḃairt.” Fuair sé cnáṁ mór de ċeaṫraṁa na seafaide agus do ṡáiṫ sé siar in a béal í agus do ṫaċt sé í. Do ḋún sé anuas an clár arís agus do ṡocruig sé mar do ḃí sé roiṁe agus d’ḟág sé ann mo ṡean-léid.
I gceann ḋá lá annsin ṫáinig an inġean agus ṫug sí léiṫe an cófra a [do] ḃaile agus nuair d’oscail sí é, fuair sí a máṫair tar éis ḃáis istiġ ann. Do ṫuit [ 53 ]an-lug-ar-an-lag aici agus ní ḟeadair sí cad do ḋéanfaḋ sí mar ná raiḃ a ḟios ag a fear aon rud mar ġeall air. Sé an rud do ċeap sí ná a máṫair do ṫarraing amaċ as agus í do ṡíneaḋ ar an leabṫain agus leigint [léigean] uirre gur bás obann fuair sí. Do ċuaiḋ sí amaċ agus do ġlaoiḋ sí ar a fear agus aduḃairt leis go raiḃ a máṫair tar éis ḃáis agus ná feadair sí cad ḋéanfaḋ sí. “Ó a ċlaḋaire,” ar seisean, “caidé an ċúis nár ġlaoḋ tú orm fadó go raġainn fá ḋéin an t-sagairt?” “Do ḃí sí imṫiġṫe,” ar sísin, “fé [sul] ḃfaca mé í.” Do ġlaoḋadar isteaċ annsin ar na coṁursanaiḃ agus d’ṡocruiġeadar í mar ba ċeart ċum í do ṫórraṁ.
Do ḃí bean uasal ar an mbaile agus gaċ aon ḃaintreaḃaċ do-ġeoḃaḋ bás ċaiṫfeaḋ sí féin cóir tórraiṁ do ċur orra, mar ba é nós ḃí aici é. Do ċuir sí uirre seo ċoṁ maiṫ é, mar do ḃí an-ṁeas aici uirre. Agus an oiḋċe tar éis í do ċur aduḃairt an stracaire leis an ḃfear boċt gur mór an feall na héadaiġe breáġa ḃí uirre do ḃeiṫ ag dreoġaḋ sa ċré agus an ṗráinn [gáḃaḋ] ḃí ag a ṗáistíḃ sin leo, agus “b’ḟearr ḋúinn dul agus í do ṫógḃaíl agus iad do ḃaint dí.” “Ó a ṁic ó,” arsa an fear boċt, “ní ḋéanfainn ar mo ċeanna.” “Riaḃal mise ṁaiseaḋ,” ar seisean, “go gcaiṫfiḋ tú teaċt gan buiḋeaċas duit.” D’imṫiġeadar leo agus do ṫógadar í. “Seo,” arsa an stracaire, “tóg leat na héadaiġe seo agus tógfad-sa liom í féin.” “Ó, caidé an gnó atá agat dí féin, gibé mar ḋéanann na héadaiġe?” “Is cuma ḋuit,” ar seisean, “aċt déan mo ċoṁairle.” Ṫug sé leis í go dtí a teaċ féin agus do ċuaiḋ sé go dtí teaċ na muc agus do ṁarḃ a raiḃ de ṁucaiḃ ann. Do ċuir sé an sgian i láiṁ na sean-ċailliġe agus isteaċ i sgórnaiġ ceann de na mucaiḃ agus d’ḟág sé annsin iad.
Nuair d’éiriġ an cailín ar maidin agus ċuaiḋ ag frioṫáileaṁ na muc ṫáinig scannraḋ uirre agus do [ 54 ]rioṫ sí isteaċ ag glaoḋaċ ar ḟear an tiġe dá ráḋ go raiḃ an t-sean-ḃean amuiġ agus go raiḃ na muca go léir marḃ aici. “I mbasa má’s fíor sin,” ar seisean, “marḃóċaiḋ [muirḃfiḋ] sí sinn féin sa deireaḋ.” Do ċuaiḋ sé amaċ, agus ’ar ndóiġ do ḃí sí ann. Do cuirfeaḋ arís an dara huair í, agus má ċuireaḋ do ṫóg an stracaire arís í. Ṫug sé leis í, agus do ċeangail sé in áirde i ndrom capaill ḃí sa stábla í. Nuair d’éiriġ an buaċaill ar maidin agus nuair oscail sé dorus an stábla siúd amaċ an capall. D’imṫig sé leis tré ċlaḋaċa agus réiḋte nó gur ċuaiḋ sé dá ḃascaḋ i gcorraċ agus sin mar fuaraḋ [friṫ] teaċt suas leis agus an t-sean-ċailleaċ ar a ṁuin aige. Do cuireaḋ annsin arís í agus ar ndóiġ ṫóg mo stracaire í agus do ċuir sé isteaċ i ḃfuinneoig an tseomra ċuca í in a bata-corraċ.
Nuair do-ċonnacadar annsin í aduḃradar gur fonn ḃí uirre iad féin do ṁarḃaḋ anois, agus do ḃí sgeiṁle croiḋe ar an inġean, mar ṡíl sí gur i dtaoḃ í do ċur isteaċ fa ċófra ḃí sí ag teaċt ċuca. Do cuireaḋ annsin an ceaṫraṁaḋ baḃta [uair] í agus aduḃairt an stracaire ná déanfaḋ sé a ṫuilleaḋ, go raiḃ cuid ṁaiṫ déanta anois aige orra, aċt go dtiocfaḋ sé i sliġiḋ eile orra. Do ċuaiḋ sé go dtí fear an tiġe agus do ḟiafruiġ sé dé cad do ṫaḃarfaḋ sé do an té ċuirfeaḋ an t-sean-ḃean sin gan ḃeiṫ ag teaċt ċuige. “Ó, a ṁic ó,” ar seisean, “aon rud ar aon ċor d’iarrfaḋ sé orm.” “Má seaḋ,” ar seisean, “an dtaḃarfá ḋoṁ-sa leaṫ an ṁéid atá agat go dtí lá do ḃáis agus do ċuid ar fad ó lá do ḃáis amaċ?” “Taḃarfad,” ar seisean, “mar atá eagla orm go marḃóċaiḋ [muirḃfiḋ] sí sinn féin.” “Caiṫfir-se é sin do ṫaḃairt dam-sa fá do láiṁ agus geallaim-se ḋuit go gcuirfead-sa a ṁalairt de ċúram uirri sin in áit ḃeiṫ ag teaċt ċuġat-sa.” Ṫug sé fá láiṁ dó mar iarr sé. “Seaḋ anois,” ar seisean, ”bí-se ar an taoḃ (is) amuiġ de ġeata na reilige ag [ar] an dá [ 55 ]ḃuille ḋéag anoċt agus aireóċaiḋ tusa bualaḋ uirri sin.” “Atá go maiṫ,” arsa fear an tiġe. Fuair an stracaire annsin ḋá ċat agus do ċuir sé isteaċ i mála iad agus do ċuaiḋ sé isteaċ sa reilig. Nuair d’airiġ sé na daoine ag teaċt leaṫ (is) amuiġ do ḃuail sé snaiḋm de ḃata ar na cataiḃ agus do ċuireadar sgréaċ asta. Nuair d’airiġ an ṁuinntear amuiġ an sgréaċ “oċ dar fiaḋ,” ar siad sin, “maran [muna] raiḃ sí marḃ ċeana, atá sí marḃ go ceart anois.” Do ṫeiċeadar leo féin a [do] ḃaile agus aduḃradar gur dóċa ná féadfaḋ sí teaċt anois níos mó, agus i mbasa níor ṫáinig. Do rinne an stracaire suas ar an ḃfear boċt an méid fuair sé féin agus do ḃí a aigne sásta annsin. Aduḃairt sé gur ṁór an truaġ duine agus an-iomarca aige agus duine eile agus gan aon rud do ḃeiṫ aige. “Aṫáir-se agus do ṗáistí go maiṫ anois agus beaḋ-sa ag cur díom.” “Ó ná himṫiġ,” ars an fear boċt, “fan i n-ár ḃfoċair go deo.” “Ní ḃfuiġḃinn fuireaċ” ar seisean, “slán agus beannaċt liḃ,” agus d’imṫiġ sé leis.