MAC RÍOĠ NA hEASPÁINE.
Do ḃí Fionn Mac Cuṁaill lá dá laeṫeantaiḃ agus uair dá ṫráṫantaiḃ agus do rinneaḋ aisling san oiḋċe ḋó go raiḃ ógláċ le teaċt isteaċ ar an náisiún ṫógfaḋ í fá árd-ċíos a ċlaiḋiṁ agus a sgéiṫe. Do ċuir sé Fianna Éireann ar ċuantaiḃ na hÉireann go léireaċ [léir] agus do ċuaiḋ sé féin ar ċuan ar a nglaoḋaidís Cuan Ḃinn Éadair. Ṫug sé seaċt lá agus seaċt n-oiḋċe ag faire an ċuain. Sa t-oċtṁaḋ lá ḋó, do-ċonnaic sé ċuige an corraċán i mbárr na gcrann coṁ-ḟada coṁ-ḋíreaċ, mar an raiḃ róinte, míolta móra, éisg na fairrge lupadán lapadán ag teaċt isteaċ ar ḃuis agus an ḃais agus ar ḃárr bataí ráṁa, cuḃar na haḃann ag dul in íoċtar, gainiṁ na haḃann ag teaċt in uaċtar, iomaraḋ ċéad sa ċorraċán gan istig uirre aċt aon ġaisgiḋeaċ aṁáin ar a nglaoḋaidís Illionn Iolċroṫaċ, mar Ríoġ na hEaspáine. Ní raiḃ i n-a ċeann aċt aon t-súil aṁáin agus í ċoṁ mór le mias trucaile agus caora teineaḋ ag rioṫ amaċ aiste. Do rinne sé ar Fionn Mac Cuṁaill, díreaċ gaċa lom agus lom gaċa ndíreaċ, agus do ḃeannaiġ sé ḋó leis na briaṫraiḃ breáġa fáiḋeaṁla ḃí ann le linn na haimsire sin, agus [ 33 ]d’ḟiafraiġ sé ḋé, arḃ é Fionn Mac Cuṁaill é. Do laḃair Fionn Mac Cuṁaill leis, agus aduḃairt sé leis, naċ é féin Fionn Mac Cuṁaill aċ gurab é an áit [in] a ḃfuiġḃeaḋ sé Fionn Mac Cuṁaill aċt ṫíos in íoċtar an náisiúin, dá ċur go dtí fear uaiḋ féin ar a nglaoḋaidís Rí Cormac. Ṫug sé ceangal lá agus lán bliaḋna ar a ċurraċán dá mb’ aṁlaiḋ ’s ná beaḋ sé uaiṫe aċt uair an ċloig. Ṫugaḋ sé cnoc de léim agus gleann de ṫrioslóg agus sin é mar ċoṁairiġeaḋ sé coisiḋeaċt an lae sin, gur ċuaiḋ sé an-ġairid do ċúirt Ríoġ Cormaic.
Do ḃí piast cosṁail le cat ṫíos in íoċtar gleanna. Do ċuir sí cruit ar a drom, agus nuair do ṡíl sé dul de léim ṫar an ngleann, do stop an ṗiast é. Do luiġ sé féin agus an ṗiast ċum a ċéile ar an áit sin, agus ṫugadar sé lá agus sé oiḋċe ag fionna-ċoscairt [fian-ċ.] a ċéile. I gceann an t-seaċtṁaḋ lae dóiḃ do leag sé fé ṫíos í agus do ḃain sé an ceann dí. Do ċuir an ṗiast a dá lapa in aċrann in uḃall a sgórnaiġe. Ní ḃfuiġḃeaḋ sé é féin do réiḋteaċ, aċt do ġearr sé an dá ċois de an dá ġlún agus d’ḟanadar ar liobarnaiġ leis mar ḃeaḋ luidíní fá ġaḃar. D’imṫiġ sé leis agus do ċuaiḋ sé go dtí cúirt Ríoġ Cormaic. Do ḃuail sé buille ar an gcuaille coṁraic Ríoġ Cormaic. Do ċuir sé ar ċrioṫ an ċúirt agus a raiḃ istiġ innte. “Fios amaċ,” arsa Rí Cormac, “cia ḃuail a leiṫéid do ḃuille ar an gcuaille coṁraic.” Do ċuaiḋ teaċtaire amaċ, agus nuair do-ċonnaic sé an fionna-ċruṫ ḃí ar an ngaisgiḋeaċ do ṫuit sé i laige. D’ḟan sé annsin. Do ḃuail Illionn Iolċroṫaċ an dara buille ar an gcuaille coṁraic arís. Aduḃairt Rí Cormac leis an dara teaċtaire dul amaċ, agus nuair do-ċonnaic sé an gaisgiḋeaċ do ṫuit sé anuas ar an gcéad teaċtaire. Aduḃairt Rí Cormac gur gibé duine ḃí amuiġ gurab é ḃí ag marḃaḋ na dteaċtairí, “atá sé ċoṁ maiṫ ḋam féin dul amaċ.” Do ċuaiḋ [ 34 ]sé amaċ annsin, agus nuair do-ċonnaic sé an fionna-ċruṫ ḃí an Illionn Iolċroṫaċ do ċrioṫ sé ó n-a ḃonn go dtí a ḃárr. D’ḟiafruiġ sé ḋé cad do ḃí uaiḋ. “Atá,” arsa sé, “an náisiún do ṫógaint [ṫógḃáil] uait le toraḋ claiḋiṁ.” “Taḃarfaiḋ mise mo ċuid féin duit gan bruiḋean ná aċrann, aċt dá raġṫá go dtí Fionn Mac Cuṁaill, sé an fear é ṡeacóċaiḋ caṫ agus cruaiḋ-ċoṁrac leat.” “Agus naċ tusa Fionn Mac Cuṁaill?” “Ní mé ċeana,” arsa Rí Cormac, “aċt fear boċt atá fá árd-ċíos ag Fionn Mac Cuṁaill a dtugtar Rí Cormac air.” “Gaḃaim-se bog agus briaṫar orm féin gan greim bíḋ d’iṫe ná deoċ d’ól as aon ċorn go raġaiḋ mé fá ḋéin Ḟinn Ṁic Cuṁaill. Is dóċa gurab é ṫeagṁaiḋ liom ag cuan Ḃinn Éadair.” D’imṫiġ sé leis ṫar n-ais. Ṫugaḋ sé cnoc de léim agus gleann de ṫrioslóg, agus sin é mar ċoṁairiġeaḋ sé coisiḋeaċt an lae sin agus ċuaiḋ sé ṫar an-ais ag triall ar Ḟionn Mac Cuṁaill.
Nuair do-ċonnaic Fionn Mac Ċumaill ag teaċt é, do ċrioṫ sé ó n-a ḃonn go dtí a ḃárr, agus d’imṫiġ sé ó ċuan Ḃinn Éadair a ḃaile go dtí a ċuairt féineaċ, agus aduḃairt sé le n-a ḃean tiġe go raiḃ gaisgiḋeaċ uaṫḃásaċ ag teaċt ag triall ar an gcuairt, agus “ná cuir aon ṗioc suime ann nuair ṫiocfaiḋ sé isteaċ ċuġat. Sé an ċéad rud iarrfaiḋ sé ná a ḋínnéar, agus bácáil an ġreideall atá annsin agus a mbácáltar uirre dóṫáin seaċt gcaṫ na gnáṫ-ḟéinne. Bácáil an t-arán ar gaċ taoḃ de an ngreideall, agus taḃair dó le n-iṫe é idir arán agus greideall. Raġaiḋ mise isteaċ sa ċliaḃán atá annso. Nuair ḟiafróċaiḋ sé ḋíot cad é an sórt leinḃ atá sa ċliaḃán, abair gur páistín seaċt míos é. Nuair íosaiḋ sé an ġreideall fiafróċaiḋ sé ḋíot caidé an ġaisge ḋéanann Fianna Éireann tar éis a ndínnéir, abair leis gurab é an ḃró ṁuilinn atá amuiġ annsin do ċaiṫeaṁ naoi n-uaire ṫar an [ 35 ]gcuairt agus gan í do leigint [léigean] ċum talṁan aon iarraċt aca. Déanfaiḋ sé é sin. Fiafróċaiḋ sé ḋíot caidé an dara gaisge ḋéanaid, agus abair-se leis guraḃ í a ḋá láiṁ do ċur ṫimċeall ar an gcuairt agus í d’iompoḋ i gcoinne na síne in gaċ aon taoḃ is maiṫ leo.”
Do ċuaiḋ Fionn Mac Cuṁaill sa ċliaḃán, agus ní riaḃ sé aċt sa ċliaḃán nuair ṫáinig Illionn Iolċroṫaċ isteaċ, an gaisgiḋeaċ.
“Dia ḋuit, a ḃean-ṫige Ḟinn Ṁic Cuṁaill.”
“Dia ’s Muire ḋuit,” arsa bean-tiġe Ḟinn Ṁic Cuṁaill.
“A ḃean-tiġe Ḟinn Ṁic Cuṁaill, an mbeaḋ aon rud agat ṫaḃarṫá le n-iṫe ḋam?”
“Atá sé dá ḃácáil agam,” aduḃairt an ḃean.
“Ó taḃair dam go mear é mar atá mé caillte ag an ocras.” Aduḃairt an ḃean an dara uair ná raiḃ sé ṫar leaṫ-ḃácálta.
“Atá sé go maiṫ,” aduḃairt seisean, “taḃair dam é.”
Do leig sí ċuige an ġreideall agus an t-arán bácálta ar gaċ taoḃ dé. Do ċuir sé órdóg a láiṁe deise fá ċúinne de an ngreideall, agus do ḃuail sé fá n-a ḟiacail é, agus do ċogann sé leis é. Do ḃí sé ag gaḃáil do an ngreideall riaṁ go dtí gur iṫ sé í go dtí cúinne beag.
Nuair do ḃí an gaisgiḋeaċ sásta d’ḟiafraiġ sé de an mbean-tiġe, caidé an ġaisge ḋéanann Fianna Éireann tar éis a ndínnéir. Aduḃairt sí sin leis gurab é an ḃró ṁuilinn a ḃí amuiġ annsin do ċaiṫeaṁ tar an gcuairt naoi n-uaire agus gan í do leigint [léigean] ċum talṁan aon uair aca. D’imṫiġ sé fá ḋéin na brón agus an ċéad iarraċt ḃain sé aiste ní ḟuair sé í do ḃogaḋ. An dara iarraċt ní ḟuair sé í do ḃogaḋ, agus an tríoṁaḋ hiarraċt do ṫóg sé í agus do ċaiṫ sé ṫar an gcuairt í le n-a láiṁ ḋeis agus do ġaḃ sé i n-a láiṁ ċlé ar ar dtaoḃ [ 36 ]eile de an ċuairt í, agus do rinne sé an obair sin léiṫe naoi n-uaire. Do leag sé an ḃró ar an áit ċéadna [in] a ḃfuair sé í.
Ṫáinig sé go dtí bean-tiġe Ḟinn Ṁac Cuṁaill arís agus d’ḟiafruiġ sé ḋí, caidé an dara gaisge ḋéanann Fianna Éireann. Aduḃairt sí sin leis gurab é an ċuairt d’iompóḋ i gcoinne na síne in gaċ aon taoḃ is maiṫ leo. D’imṫiġ sé fá ḋéin na cuairte. An ċéad iarraċt ní ḟuair sé í do ṫógaint [ṫógḃáil] agus an dara iarraċt ní ḟuair sé í do ṫógaint [ṫógḃáil], an tríoṁaḋ hiarraċt d’iompuiġ sé i gcoinne na síne í in gaċ aon taoḃ baḋ ṁaiṫ leis. Ṫáinig sé go dtí bean-tiġe Ḟinn Ṁic Cuṁaill, arís, agus d’fiafraiġ sé ḋí caidé an sórt aráin é siúd ṫug sí ḋó le n-iṫe.
“Caidé an ċúis a ḃfuil tú dá ḟiafraiġe ḋíom?” aduḃairt an ḃean leis.
“Mar atá a ḃfuil d’ḟiaclaiḃ i mo ċeann briste i n-a mblúireaċaiḃ ag do ċuid aráin.”
“Is mór an t-iongnaḋ liom,” arsa an ḃean, “fear ċoṁ garḃ, ċoṁ láidir leat go mbeiṫeá ag gearán ar an arán ná raiḃ leaṫ-ḃácálṫa agam.”
“A ḃean,” arsa sé, “atá tú ag cur iongantais ṁóir orm. Agus an iṫeann Fianna Éireann arán ċoṁ cruaiḋ leis?”
“Iṫid agus níos cruaḋa, mar aduḃairt mé ċeana leat ná raiḃ sé bácálṫa agam.”
“Is uaṫḃásaċ na fiacla atá aca,” arsa sé, “agus caidé an saġas é an leanḃ atá sa ċliaḃán agat?”
“Ó atá leinḃín seaċt míos ann, agus an t-arán céadna iṫeann sé.”
“An leigfeá ḋam,” arsa sé, “mo ṁéara do ċur i n-a ḃéal go mbeaḋ a ḟios agam caidé an sórt fiacla atá aige?”
“Ná bac leis,” arsa sí, “agus ná dúisiġ mo leanḃ.”
“Go deiṁin,” arsa sé, “a ḃean-tiġe Ḟinn Ṁic [ 37 ]Cuṁaill, níl mé sásta go mbeaḋ a ḟios agam caidé an sórt fiacla atá aige."
Do ċuir sé a órdóg isteaċ i mbéal an leinḃ agus do luiġ an leanḃ ar an órdóig nuair fuair sé istiġ í agus do ḃain sé amaċ ó an alt dé í. Do sgréaċ sé, agus an sgréaċ do ċuir sé as, tugaḋ síos gur airiġeaḋ sa doṁan ṫoir í.
“Dar mo láiṁ-se ḋuit-se, a ḃean-tiġe Ḟinn Ṁic Ċumaill, go marḃóċaiḋ [muirḃfiḋ] mé an leanḃ.”
“Ná aduḃairt mise leat,” arsa an ḃean-tiġe, “gan bacaint [bacaḋ] le mo leanḃ, agus meireaċ tú do ḃeiṫ in do ḋuine gan ṁeas ort féin, ní hin iomaiḋ le bean agus le páiste raġṫá.”
“Atá an ceart agat gan daḃt,” aduḃairt sé, “agus ó atá an sgéal mar atá sé agus Fianna Éireann cóṁ maiṫ de ġaisgiḋeaċaiḋ teiċfiḋ mé uaṫa arís agus raġaiḋ mé a ḃaile ḋam féineaċ, aċt fé [sul] n-imṫeóċaiḋ mé is maiṫ liom go ḃfeicfinn stoc [eallaċ] Ḟinn Ṁic Cuṁaill.”
D’ḟiafraiġ sé ḋí, cá ngeoḃaḋ sé ċum an stoc d’ḟeicsint. D’innis sí ḋó é agus do ċuir sí ċúig ṁíle agus fiċe d’aisdear air agus do raġṫá go dtí an stoc i gcúig ṁíle. Ar an nóimeint ar imṫiġ sé, d’éiriġ Fionn Mac Cuṁaill amaċ as an gcliaḃán. Do ċuir sé cóta mór air agus súgán féir aniar ṫairis. D’imṫiġ sé leis na cúig ṁíle. Do ḃí an gaisgiḋeaċ, Illionn Iolċroṫaċ, tar éis na cúig ṁíle agus fiċe do ṫaḃairt isteaċ agus iad araon ag dul go dtí an stoc ion aoinfeaċt.
“Dia ḋuit, a aoġaire na mbó,” arsa an gaisgiḋeaċ le Fionn Mac Cuṁaill.
“Ó Dia ’s Muire duit,” arsa Fionn Mac Cuṁaill.
“An iad so stoc Ḟinn Ṁic Cuṁaill?” arsa an gaisgiḋeaċ. “Is breáġ an stoc beaṫaiḋeaċ,” arsa sé, “agus is ró-ḃreáġ an stoc iad,” arsa sé arís. Do ċrom sé ag seanċas do an aoġaire cad ḃain dó ag cuairt Ḟinn Ṁic Cuṁaill, “agus árd-gaisgiḋig seaḋ [ 38 ]iad,” arsa Illionn Iolċroṫaċ, “agus ó atáid siad ċoṁ maiṫ ’s atáid siad atá mé ag teiċeaḋ liom féin a ḃaile uaṫa. Ó atá mé ag imteaċt taḃarfaiḋ mé liom tarḃ ó Fionn Mac Ċuṁaill.”
“Masa féineaċ,” arsa an aoġaire, “ní taḃarfaiḋ, nó má ṫugann tú leat an tarḃ, taḃarfaiḋ tú mise leat.”
“Is beag an trioblóid liom tusa do ṫaḃair liom i ḃfoċair an tairḃ, pér sa doṁan dé.”
D’imṫiġ an gaisgiḋeaċ agus rug sé ar leaṫ-aḋarc ar an tarḃ agus ṫug sé tearsna seaċt n-acra talṁan de an iarraċt sin é. Do léim an t-aoġaire i n-a ḋiaiḋ agus rug sé ar an aḋarc eile an dá aḋairc ó n-a ċéile go rinneadar ḋá leaṫ ḋá ċeann agus riar tré n-a ḋrom gur sgoileadar siar go dtí an earball é. Do laḃair an gaisgiḋeaċ ḋá raḋ gurab é an t-aoġaire an fear ba láidre do-ċonnaic sé riaṁ, “agus nuair ná fuair mé liom an tarḃ,” arsa sé, “raġaiḋ mé ṫar n-ais go ḃfeicfiḋ mé Fianna Éireann.”
D’imṫiġ sé ṫar n-ais, agus ṫug sé na cúig ṁíle agus fiċe isteaċ, agus ní raiḃ déanta ag Fionn Mac Cuṁaill aċt aṁáin an cóta mór do ḃeiṫ bainte ḋé nuair do ḃí Illionn Iolċroṫaċ isteaċ i n-a ḋiaiḋ.
Do ḃeannuiġ sé do Fionn Mac Cuṁaill agus aduḃairt sé leis: “is dóċa gur tusa Fionn Mac Cuṁaill.”
“Is mé ċeana,” arsa Fionn Mac Cuṁaill.
“Atá uaim ort, a Ḟinn Ṁic Cuṁaill, mo ḋinnéar agus osdas na hoiḋċe.”
“Ġeoḃair agus fáilte,” arsa Fionn Mac Ċuṁaill, “agus níor leig Fianna Éireann fear ar biṫ riaṁ uaṫa fá ocras.”
Do ċuaiḋ Fionn Mac Cuṁaill annsin amaċ agus do ċuir an barr buaḃaill i n-a ḃéal. Do ṡéid sé é, agus d’aireóċṫaiḋe an barr buaḃaill i gceiṫre [ 39 ]rannaiḃ an doṁain. Do ċuir sé san mbarr buaḃaill go raiḃ gaisgiḋeaċ uaṫḃásaċ ag an ċúirt, agus do réir mar do ḃeaḋ Fianna Éireann ag teaċt gan aon ṗioc a ċuigint [ar biṫ] suime do ċur sa ġaisgiḋeaċ so. Do ṫosnuiġeadar ag teaċt annsin Fianna Éireann go léireaċ. Do b’ait le hIllionn Iolċroṫaċ a laiġead suim ḃí Fianna Éireann a ċur ann, agus a ṫréanaċt do ḃreis orra. Do ṡuiḋeadar go léir ċum dínnéir. Do ḃí fear ar Fiannaiḃ Éireann, a nglaoḋaidís Conán air. Sé ġeiḃeaḋ na cnáṁa go léir ar piocaḋ. Do ċaiṫeaḋ uḃall mairt treasna an ḃúird go dtí Conáin, agus nuair do-ċonnaic Illionn Iolċroṫaċ ag dul treasna an cnáṁ do ṫug sé snab air agus do ṫug Conán snab ó an taoḃ eile air. Do ḃíodar araon dá ṫarraing ó n-a ċéile go rinneadar ḋá leaṫ de an uḃall mairt eatorra. Do ċoiṁéad gaċ aoinne a raiḃ i n-a ḋorn dé.
“Is mór an seo liom,” arsa Coná, “tú, gibé áit ṫáinig tú as go mbeiḋṫeá ċoṁ droċ-ṁúinte agus go dtógfá amaċ as mo ḋorn rud do ḃéinn ċum a úsáid, agus níl ionat,” arsa sé, “aċt plundairéir bacaiġ,” dá ḃualaḋ leis an méiḋ do ḃí ina ḋorn de an ċnáṁ. D’éiriġ sé dá ċeann mar éireoċaḋ liaṫróid de falla. Sé an méid suime do ċuir Illonn Iolċroṫaċ sa ḃuille fuair sé aċt a láṁ do ċuir in áirde agus a ċeann do ṫocas dá ráḋ gurḃ ṁaiṫ an buille é, aċt ná raiḃ aon ṗioc suime aige féin ann. Mar sin do ḃí. Nuair do ḃí an dínnéar iṫte, d’imṫiġ Illionn Iolċroṫaċ amaċ, agus do ḃuail sé buille ar an gcuaille coṁraic. Aduḃart sé seaċt gcéad do ċur ċuige ar ṫaoḃ a láiṁe deise, agus seaċt gcéad ar ṫaoḃ a láiṁe clé, seaċt gcéad in a ḋiaiḋ aniar, agus seaċt gcéad roime amaċ, agus seaċt gcéad in aġaiḋ gaċ ċúinne ḃí ar a sgéiṫ. Do ġaḋ sé tríoṫa mar do ġeoḃaḋ seaḃac tré scata éanlaċt [éanlaiṫ] lá gaoiṫe nó dreoilín tré scata éanlaċa lá Márta.
Do rinne sé carnán dá gceannaiḃ agus dá [ 40 ]gcosaiḃ, agus carnán mór dá gcorpaiḃ agus dá gcuid éadaiġ. Do ṁarḃ sé iad go léireaċ, agus do ḃuail sé an dara buille ar an gcuaille coṁraic, agus aduḃairt sé an cleas céadna do ċur amaċ ċuige. Do laḃair Fionn Mac Cuṁaill le hOscar, agus aduḃairt sé leis é féin do ḋul amaċ i gcoinne Illinn Iolċroṫaiġ an ċuid eile de an tráṫnóna. Aduḃairt Oscar leis ná raġaḋ, aċt é féineaċ do ḋul ann. “Agus is fada, a Ḟinn Ṁic Cuṁaill,” arsa sé, “atá tú ag cur uġdarṫáis orainn, agus anois,” arsa sé, “tástáil féin tú féineaċ an tráṫnóna so.”
“Go deiṁin, atá an gaisgiḋeaċ mór ró-ṁaiṫ ḋaṁsa,” arsa Fionn Mac Cuṁaill, “agus atá mé ró-aosta, agus a Oscair,” arsa sé. “Is mairg duit atá ’am ċur fá n-a ḋéin ċum troid leis, agus nuair ṁarḃóċaiḋ [muirḃfiḋ] Illionn Iolċroṫaċ mise,” arsa Fionn Mac Cuṁaill, “beiḋ siḃ go léireaċ marḃ as mo ḋiaiḋ. Mise do ḃí ag coiṁéad ḃúr gceann oraiḃ agus ḃúr gcion-ḃeaṫaḋ agaiḃ, aċt mar sin féin,” arsa sé, “raġaḋ mé fá ḋéin an ḟir ṁóir.” Do ċuir sé air a ċulaiḋ ċaṫa agus cruiḋ-ċoṁraic agus d’imtiġ sé fá ḋéin Illinn Iolċroṫaiġ, agus ba ḋeas an buaċaill é, Fionn Mac Cuṁaill, fá n-a ċulaiḋ caṫa agus cruaiḋ-ċoṁraic. Do ḃí sé cúig ṫroiġṫe agus fiċe ar aoirde, aċ má seaḋ ní raiḃ aon éifeaċt a ċuigint [ar biṫ] ann taoḃ le Illionn Iolċroṫaċ. Do ḃí sé deiċ dtroiġṫe agus dá ḟiċid ar aoirde, agus cúig ṫroiġṫe déag idir a ḋá ṡlinneán. Do rinneadar ar a ċéile mar do ḋéanfaḋ dá leoṁan buile nó dá ṁadra carnaoile. Do ḋéanfaidís ball bog de an mball cruaiḋ agus ball cruaiḋ de an mball bog. Do ṫarraingeóċaidís tobraċa [tobair] fíor-uisge, tré croiḋe na gcloċ nglas le foiréigean uilc agus urċóide ċum a ċéile. Do leanadar dá ċéile go dtí bárr an tráṫnóna go dtí go raiḃ Fionn Mac Cuṁaill ag teaċt corṫa, agus do leag Illionn Iolċroṫaċ fé ṫíos é. Do ḃí sgiaṫ ag Fionn Mac [ 41 ]Cuṁaill, agus nuair do ḃeaḋ baoġal marḃṫa air, do sgréaċfaḋ an sgiaṫ. Le n-a lin sin do sgréaċ an sgiaṫ. Nuair d’airiġ Oscar é, do ḃí geata agus trí fiċid geata idir é féin agus an cuaille coṁraic agus do léim sé an geata agus trí fiċid. Le linn ’s an buille do ḃeiṫ ag teaċt ar ṁuinnéal Ḟinn Ṁic Cuṁaill do ċuir Oscar a ċlaiḋeaṁ roiṁ an mbuille. ‚Taḃair ceart dó,” arsa Oscar le Illionn Iolċroṫaċ, “leig uait anois é,” arsa sé, “agus seasóċaiḋ mise in a áit an ċuid eile de an tráṫnóna.”
“Ṁuise,” arsa sé, “is beag an trioblóid liom tusa i n-a ḟoċair seo.” Fuair sé córda cruaiḋ cnáibe agus do ċeangail sé Fionn Mac Cuṁaill in áirde idir a ḋá ṡlinneán ar a ḋrom, agus do ċuaiḋ sé ag troid Oscair annsin. An té do raġaḋ ó íoċtar an doṁain go dtí uaċtar an doṁain ċum féaċaint ar ċaṫ agus ar ċruaiḋ-ċoṁrac is orra féin ba ċóir dul ag féaċaint. Do leanadar dá ċéile go raiḃ an ġrian ag dul fé. D’iarr Illionn Iolċroṫaċ sos ċoṁraic ar Oscar. “Atá laoċas agus obair ṁór déanta agus t’réis an lae agus atá uaim reasta d’ḟaġáil.”
“Ġeoḃaiḋ tú sin,” arsa Oscar.
“Atá mé tnáiḋte agat,” arsa sé le Oscar.
“Ná aduḃairt mise leat,” arsa Oscar, “nár ḃeag duit mé féin an ċuid eile de an tráṫnóna, agus gan é sin do ḃeiṫ ar do ḋrom agat.”
“Is díreaċ é,” arsa Illionn Iolċroṫaċ, “gurab é an ċuid is luige de Fiannaiḃ Éireann ar ḃuail mé fúṫa, agus is dóċa gurab iad na fir is fearr atá roṁam fós.”
Do ċuadar ċum reasta agus do ċaiṫeadar a suipéar i dteannta a ċéile agus do ċuaiḋ Illionn Iolċroṫaċ ċum codalta. Do ċuir Fionn Mac Cuṁaill a órdóg in a ḃéal agus do ċogain sé í go dtí an smior agus ó an smior go dtí an smúsaċ, agus do ḃain sé mar ḟios as an órdóig mara [muna] [ 42 ]gcoiṁéadfaḋ sé Illionn Iolċroṫaċ in a ḋúiseaċt an oiḋċe sin go mbeaḋ Fianna Éireann go léir marḃ aige ar an dá ḃuille [uair] ḋéag dar [lá ar] n-a ḃáraċ. Do laḃair Fionn, agus aduḃairt sé le Fearġus Ḃéil Ḃinn dul fá ḋéin Illinn Iolċroṫaiġ agus caint agus seanċas do ċoiṁéad leis ar feaḋ na hoiḋċe. “Ní raġaiḋ mé go deiṁin,” arsa Fearġus Ḃéil Ḃínn, “aċt téiḋir féin ann mar is tú is fearr atá in a ṫaiṫiġe ṫar éis an lae.” Fuair Fionn Mac Cuṁaill i gcóir é féin annsin agus ṫug sé leis corn leanna agus d’ḟiafraiġ sé ḋé an raiḃ sé in a ċodlaḋ. Do laḃair Illionn Iolċroṫaċ agus aduḃairt: “atá mé i mo luiġe agus níl mé i mo ċodlaḋ.” “Atá laoċas mór déanta agat,” arsa Fionn Mac Cuṁaill, “agus is dóċa go ḃfuil tart ort. Éiriġ agus tóg an deoċ so.”
“Sé do ḃeaṫa-sa, a Ḟinn Ṁac Cuṁaill,” arsa sé, “agus ní raiḃ mé riaṁ in a ṗráinn níos mó.” D’ól sé siar an corn diġe do aon deoċ aṁáin. Aduḃairt Fionn Mac Cuṁaill leis, má sí Éire ḃí uaiḋ fá árd-ċíos a ċlaiḋiṁ agus a sgéiṫe go dtaḃarfaḋ sé dó í ar maidin i mbáraċ gan pléiḋe gan aiġneas, “aċt go ngeallfaiḋ tú dúinn go ḃfanfaiḋ tú in ár ḃfoċair.”
“Maiṫ an fear, a Ḟinn Ṁic Cuṁaill. Sin a ḃfuil uaim. Níl aon rud is fearr ná an réiḋteaċ.”
“Atá má ag cur ceiste ort,” arsa Fionn Mac Cuṁaill. “Cad as duit, nó cia ar díoḃ tú? Is dóċa go ḃfuil laoċas mór déanta agus sé [sul] ar ḃuail té féin-sa.”
“A Ḟinn Ṁic Cuṁaill,” arsa sé, “ó ċuir tú an ċeist orm, sé an áit an ab as daṁ-sa nó ó ríoġaċt na ḃfear mór. Aċt in Éirinn do marḃaḋ mo aṫair agus ar ḃain liom riaṁ. Do ḃí duine agus fiċe dearḃráṫair agam agus mé féin an duine ba luġa díoḃ. Do ḃídís ag imṫeaċt gaċ aon lá agus ní ḟeadar mé cá mbídís ag dul. Ní raiḃ aon ṁeas aca [ 43 ]orm le mo laiġead. Aċt do lean mé iad aon lá aṁáin. Do ḃíodar ag imṫeaċt riaṁ agus ċoiḋċe gur ċuadar go dtí caisleán ḃí ar ḃruaċ na fairrge. Do ḃí duḃaḋ na gcnoc agus na mbánta do ḋaoiniḃ ar an áit sin agus sé rud ḃíodar a [do] ḋéanaṁ ná ag caiṫeaṁ brón ṁuilinn i gcoinne an ċaisleáin, agus an té is aoirde ċuirfeaḋ í, do ḃí an Rí ċum a inġean do ṫaḃairt dó le pósaḋ. A Ḟinn Ṁic Cuṁaill,“ arsa sé, “do ḃí na fir coṁ mór coṁ garḃ sin agus ná fuiġḃinn teaċt ar an mbróin. Do ḃí mé i ḃfad ag fuireaċ [fanaṁain], aċt sa deireaḋ ṫiar ṫall ṫug mé léim as mo ċorp agus do láṁaiġ mé an ḃró ar ṫeaċt ċum talaṁ dí. Do ċaiṫ mé as mo láiṁ ḋeis í i gcoinne an ċaisleáin agus do ċuir mé glan ar an taoḃ eile í. Fé [sul] ráinig dí dul ar talaṁ, do ġaḃas i mo ċiotóig í, agus, a Ḟinn Ṁic Cuṁaill, do rinne mé an obair sin léiṫe naoi n-uaire. Do ċuir an óig-ḃean a ceann amaċ i mbárr an ċaisleáin nuair do-ċonnaic sí an ġaisge dá ḋéanaṁ, agus, a Ḟinn Ṁic Ċuṁaill, nuair do-ċonnaic mé breáġaċt na mná do léim mé as mo ċaḃail i gcoinne an ċaisleáin, do ċuir mé mo láṁ in a crios agus do ṫógas liom ar mo ḋrom í ar éigean tré an dúṫaiġ. Do ċuaḋas go dtí bruaċ na fairrge. Do rinneas curraċán, agus do ċuaḋas isteaċ innte, agus d’imṫiġeamar linn ċum fairrge. Nuair do ċuaḋmar in imigcéan [in imċéin] ó ḃaile do-ċonnacamar an spéir ag dorċuġaḋ ós ár gceann. Do ṫúirlinn anuas ċuġainn sa ċurraċán sean-duine beag liaṫ agus rug sé orm agus ar mo ṁnaoi breaġ deas ar ġlaoḋaidís mar ainm uirre Réalṫa na Maoin. Do ċeangail sé ár láṁa agus ár gcosa ḋá ċéile, agus d’árduiġ sé leis sinn in áirde san aer. Do sgaoil sé an curraċán le taoide agus le mórḟairrge, agus do ṫug sé leis isteaċ sinn ċum tíreaċ. Do ċaiṫ sé mé in áirde i gcúl sean-ċéardċan, agus ṫug sé leis mo ḃean agus do ḃain sé an ḟuil aiste, [ 44 ]agus do rinne claiḋeaṁ ḃí aige d’ḟaġairt le fuil mo ṁná. Do ċuir sé gairm-scoile amaċ annsin, agus aduḃairt sé leo go raiḃ aige anois an plundairéir ṁarḃ a aṫair agus a ṡean-aṫair, agus ar ḃain leis riaṁ, gurab é ṁarḃ iad, é féin agus a ṁuinntear. Iad go léir do ṫaḃairt leo fagóidí go ndóġfaidís agus go losgfaidís é ar maidin i mbáraċ. Nuair fuaras amuiġ é d’iarras ar an mbuaċaill ḃí ag an sean-duine mé do sgaoileaḋ.
“Aduḃairt an buaċaill liom dá sgaoilfeaḋ sé féineaċ mé an té ċeangail ċeana mé go gceangaileóċaḋ [gceangailfeaḋ] sé arís mé. ‘Dar mo láiṁ-sa duit-se, a ḃuaċaill gaḃa[nn],’ arsa mise, ‘má sgaoileann tusa mise as an ndoinsiún a ḃfuil mé ann, gaċ ar ḃain leis riaṁ ní ċeangaileóċaḋ [ceangailfeaḋ] arís mé ċum mé do ċur san áit céadna a ḃfuil mé.’ ‘Sé an feall tú d’ḟágaint [d’ḟágḃáil] ann gan daḃt,’ arsa sé, ‘aċt má sgaoilim-se tú,’ arsa sé, ‘agus go ḃfuiġḃiḋ an sean-duine an ḃuntáiste ort, beiḋ mise marḃ ċoṁ maiṫ leat féin.’ ‘Geallaim duit,’ arsa mise, ‘má sgaoileann tú mé go mbeiḋ do ċeann agus do ċion-ḃeaṫaḋ agat, agus beiḋ an náisiún ar fad agat atá tógṫa suas ag an máiġistir.’ ‘Raġaiḋ mé an seans leat,’ arsa an buaċaill gaḃann. Do ṫug sé leis claiḋeaṁ ċum na téada do ġearraḋ ḃí do mo ċeangal, agus nuair do ṡíl sé na téada do ġearraḋ is aṁlaiḋ do raġaḋ na téada i láidreaċt. ‘Anois,’ arsa mise, ‘téiḋir agus faiġ an claiḋeaṁ do rinneaḋ a ḟaġairt le fuil mo ṁná féin.’ Do ċuaiḋ, agus nuair ṫáinig an claiḋeaṁ i gciorraċt trí troiġṫe do an ċeangal, d’imṫiġ na téada in a mblúireaċaiḃ. ‘Fanfaiḋ mise annso ins an áit a ḃfuil mé,’ arsa mise, ‘agus téiḋir-se i mbun do ġnóṫa féin, agus beiḋ a ḟios againn cad adéarfaiḋ an sean-duine nuair ṫiocfaiḋ sé isteaċ.’ Nuair ṫáinig sé isteaċ aduḃairt sé leis an mbuaċaill gaḃann: ‘seo anois,’ arsa sé, ‘atá mé [ 45 ]ċum dóġaḋ agus losgaḋ biṫeaṁnaiġ ṁairḃ ar ḃain liom riaṁ, é féin agus a ṁuinntear.’ Nuair do ṡíl sé ḃeiṫ ag dul fá mo ḋéin i n-áirde go dtí an seanċúil, do ḃí mé i mo ṡeasaṁ ar lár na fear ċeárdċan ós a ċoinne amaċ. Do rinneamar ar a ċéile mar do ḋéanfaḋ dá leoṁan buile, nó dá ṁadra carnaoile. Do ḋéanfaimís ball bog de an mball cruaiḋ, agus ball cruaiḋ de an mball bog. Do ṫarraingeóċaimís tobair fíor-uisge tré ċroiḋe na gcloċ nglas le foiréigean uilc agus urċóide ċum a ċéile go dtí ar ṫeaċt an tráṫnóna agus an sean-ġaḃa ag dul tríom. Annsin do laḃair an buaċaill gaḃann, agus aduḃairt sé liom: ‘Is mór an seó liom,’ arsa sé, ‘gaisgiḋeaċ ċoṁ deallraḋṫaċ leat gurab é an sean-duine mí-áḋṁaraċ sin atá ag taḃairt do ḋóṫain le déanaṁ duit. Croṫ suas tú féin,’ arsa sé, ‘agus is fada liom atá tú ag gaḃáil dó.’ Le linn agus an buaċaill gaḃann ag laḃairt do ḃí an sean-ġaḃa ar cnáṁ a ċúil agam, agus do ḃaineas an ceann dé ar an áit sin. D’imṫiġeas amaċ annsin agus an dream a raiḃ na fagóidí aca ċum ḃeiṫ do mo ḋóġaḋ agus do mo losgaḋ do ṁarḃ mé gaċ aoinne riaṁ aca. Ṫáinig mé ṫar n-ais isteaċ go dtí an buaċaill gaḃann agus d’ḟiafruiġeas dé an raiḃ aon ġreim aige d’íosainn. ‘Atá do ḋóṫain,’ arsa an buaċaill gaḃann. Do ṡuiḋeamar i ḃfoċair a ċéile agus do ċaiṫeamar ár ndínnéar, mé féin agus an buaċaill gaḃann.
“Ní raiḃ díreaċ aċt ár ndínnéar caiṫte againn nuair do ḃí an áit lán isteaċ de ḋaoiniḃ. D’imṫiġeas fá n-a ndéin agus ní ḟeadar caidé a ċúis iad, aċt do ḋruideas ċúċa agus do ṁarḃ mé gaċ aoinne riaṁ aca go dtí aon ḟear aṁáin. Aduḃairt an fear sin liom gan é féin do ṁarḃaḋ, agus go n-inneosaḋ sé ḋam cad ṫug sa tsliġiḋ é.
“‘Cad ṫug sa tsliġiḋ siḃ?’ arsa mise.
“‘A Illinn Iolċroṫaiġ,’ arsa se, ‘do fuadaḋ inġean an Ríoġ, agus do ċuir sé sinn-ne, tré an náisiún ag féaċaint a mb’ḟéidir í d’ḟaġḃáil.’
[ 46 ]“‘Dar mo láim-se ḋuit-se, a ḟir ṁaiṫ,’ arsa mise, ‘dá mbeaḋ a ḟios sin agam, ní ṁarḃóċainn [ṁuirḃfinn] aoinne agaiḃ. Teiḋir-se a ḃaile agus abair leis an Ríġ go ḃfaca tú Illionn Iolċroṫaċ agus go ḃfuil a inġean in a codlaḋ agus ná faġḃfaiḋe [fuiġḃtí] í d’ḟeicsint.’
“‘D’imṫig an fear leis a ḃaile, agus do ċuadas ṫar n-ais go dtí an buaċaill gaḃann. D’ḟiafruiġeas de an mbuaċaill gaḃann cia aca b’fearr leis teaċt liom féineaċ, nó fuireaċ [fanaṁaint] sa náisiún i n-a raiḃ sé ḃí buailte amaċ agam féin dó.
“‘Is fearr liom dul leaṫ,’ arsa an buaċaill gaḃann.
“Do ċuaḋas agus fuaireas mo ḃean, Réalṫa na Maoin, ḃí marḃ ag an sean-ġaḃa. Do ċeangaileas in áirde idir mo ḋá ṡlinneán í, agus d’imṫiġeamar, mé féin agus an ḃuaċaill gaḃann linn-ne tré an dúṫaiġ. Nuair do ċuaḋmar in imigcéin [in imċéin] ó ḃaile, aduḃairt go raḃas ag teaċt corṫa de an mnaoi. Aduḃairt an buaċaill gaḃann liom gur ċóra ḋam í do ċuir sa talaṁ mar do ḋéantaoi [do-ġníṫí] le n-a leiṫéid riaṁ.
“‘Dar mo láiṁ-se ḋuit-se, a ḃuaċaill gaḃann,’ arsa mise, ‘meireaċ mar is tú aduḃairt an ċaint liom, do ḃainfinn an ceann díot ar an áit a ḃfuil tú i do ṡeasaṁ. Mo ḃean ḃreáġ ḋeas,’ arsa mise, ‘Réalṫa na Maoin agus a fuair mé dá duaḋ, ní ċuirfiḋ mé sa talaṁ ċoiḋce í.’
“Do rinneamar ár reasta. Do ṡocruiġeas níos fearr ar mo ḋrom í. D’imṫiġeaṁar linn annsin, agus do ċuaḋmar go dtí bruaċ na fairrge. Do rinneas corraċán ar an áit sin. Do ċuaḋ-sa féin agus an buaċaill gaḃann agus Réalṫa na Maoin isteaċ innte. Aduḃart leis an mbuaċaill gaḃann agus sinn istiġ sa ċorraċán ċum imṫeaċta ċum fairrge.
“‘A ḃuaċaill gaḃann,’ arsa mise, ‘is dóiġ liom [ 47 ]go ḃfuil sé ceart dam rud éigin do ḋéanaṁ léiṫe agus gan í do ḃreiṫ níos sia.’
“‘Ná aduḃairt mise leat,’ arsa an buaċaill gaḃann, ‘naċ comaráduiḋe do ḋuine beo duine marḃ.’
“‘Do rinneas caisleán ar an áit sin ar scarḃaċ na tráġa. Ṫugas mar ḃuaiḋ do an ċaisleán ḃeiṫ ag casaḋ ṫimċeall agus gan aon ḟaġḃáil é do stad go bráṫ go stadfainn féin é, agus dó ċuireas isteaċ Réalṫa na Maoin ann. D’imṫiġeas féin agus an buaċaill gaḃann ċum fairrge linn annsin istiġ sa ċorraċán, agus nuair do ḃíos scaṫaṁ de an t-sliġiḋ aduḃart leis an mbuaċaill gaḃann go raiḃ uaigneas ag teaċt arís orm as diaiḋ na mná agus go gcasfainn arís uirre. Do ċuaḋas ṫar n-ais arís fá n-a déin agus ṫugas liom amaċ as an gcaisleán í, agus d’imṫiġeamar annsin ċum fairrge. Do ċuaḋmar isteaċ i náisiún eile. Do ḃíomar ag imṫeaċt linn tré an náisiún sin, gur ṫeagṁuiġ sean-ċeárdċa orainn. Do ċuaḋmar isteaċ ins an sean-ċeárdċain, d’ḟiafruiġeamar de an ngaḃa an raiḃ aon ġreim bíḋ aige do ṫaḃaraḋ sé le n-iṫe ḋúinn. ‘Atá agus fáilte,’ arsa an sean-ġaḃa, ‘caidé an rud é sin atá in áirde ar do ḋrom agat,’ arsa sé. ‘Atá mo ḃean,’ arsa mise, ‘agus í marḃ. An ḃfeadair tú an ḃfuiġḃṫeá aoinne ḋam,’ arsa mise, ‘do ċuirfeaḋ an t-anam innte ṫar n-ais arís.’ ‘Má ṫaḃarṫá greim bliaḋna ḋam ort féin, agus ar do ḃuaċaill taḃaraiḋ mé mo ḟocal duit go gcuirfiḋ mé féin an t-anam innte i gceann lá agus bliaḋain.’ ‘Atáim sásta leis sin,’ arsa mise, ‘le margaḋ do ḋéanaṁ leat greim do ṫaḃairt duit orm féin agus ar mo ḃuaċaill. Aċt bí siúrálta,’ arsa mise ḃeiṫ in iúl le n-a hanam do ċur i mo ṁnaoi-sa i gceann lá agus bliaḋain, nó taḃaraiḋ tú mac do aṫar agus do ṁáṫar daṁ-sa.’ ‘Níl aon ḃaoġal in aon ċor ná cuirfiḋ mé an t-anam innte,’ arsa an gaḃa, aċt caiṫfiḋ tú coiṁéad an rud ċuirfiḋ mise amaċ as [ 48 ]poll atá annso ċuġat, agus mara [muna] gcoiṁéadfaiḋ tusa é sin daṁ-sa, beiḋ lá agus bliaḋain eile agam-sa ort-sa agus ar do ḃuaċaill.’ ‘Atá go maiṫ,’ arsa mise, ‘dá mbeaḋ na deaṁain aeraċa féin ann do ċoiṁéadfaḋ mise iad.’
“Do ċaiṫeamar linn an aimsear go raiḃ an ḃliaḋain caiṫte, agus do ḃí an lá dá ċaiṫeaṁ annsin.
”‘Seaḋ, a ṡean-ġaḃa,’ arsa mise, ‘ḃí seasṁaċ do do ṁargaḋ.’
“‘Bead ar an nóimeint,’ arsa an sean-ġaḃa. Ṫug an sean-ġaḃa leis rud ḃí aige cosṁail le feiréad. Ṫug sé mise leis, agus do ċuir sé an feiréad isteaċ i bpoll agus mise ar ḃéal an ṗoill agus aduḃairt sé liom an rud ċuirfeaḋ an feiréad amaċ as an bpoll, mara [muna] gcoiṁéadfainn é go mbeaḋ greim bliaḋna eile aige orm. ‘Atá go maiṫ,’ arsa mise. Is gairid do ḃíos nuair do léim rud amaċ ċuġam cosṁail le fiaḋ. Ṫugas iarraċt ar ḃreiṫ air. Do ṡleaṁnuiġ uaim sa tsliġiḋ ná fuaireas coiṁéad i mo láiṁ dé aċt dá ordóig a ċoise. Do ḃíos-sa féin agus é féin ag gaḃáilt dá ċéile, agus níor ḃféidir liom aṫ-ġreim do ḃreiṫ air go ceann i ḃfad, go dtí go ḃfuaireas sa deireaḋ ṫiar ṫall mo ḋá láiṁ do ċur ṫimċeall ar a ċaḃail, agus do ḃuaileas fúm ṫíos é de an iarraċt sin. Ṫáinig an sean-ġaḃa agus do ḃain sé braon fola as ḃárr a ċluaise. Ṫug sé leis Réalṫa an Maoin agus do ċuir isteaċ in a ḃéal trí braon dí, agus do ċuir sé in a súil í, agus do ċuimil sé dá cluasaiḃ trí braon eile dí. D’éiriġ sé aniar ċoṁ sleaṁain ċoṁ slán agus do ḃí sí riaṁ.”
Le n-a linn sin do ḃí sé in a lá, agus aduḃairt Illionn Iolċroṫaċ le Fionn Mac Cuṁaill gur le n-a ċuid bladaireaċt do ḃí díoġḃáil mór déanta aige ḋó, codlaḋ na hoiḋċe do ċur i muġa air agus laoċas mór do ḃí le déanaṁ indiu aige. “Ná aduḃairt tusa liom-sa,” arsa Fionn Mac Cuṁaill, “guraḃ in Éirinn do marḃaḋ do aṫair agus do [ 49 ]sinnsear go léir agus beiḋ tú féin marḃ ar a dá ḃuille [uair] déag ar ḃall ag Oscar.
Ní raiḃ an focal ráiḋte ag Fionn Mac Cuṁaill nuair do ḃí an buille buailte ag Oscar ar a gcuaille coṁraic. Do rinneadar araon annsin ar a ċéile mar do ḋéanfaḋ dá leoṁan buile, nó dá ṁadra carnaoile. Do ḋéanfaidís ball bog de an mball cruaiḋ, agus ball cruaiḋ de an mball bog. Do ṫarraingeóċaidís tobair fíor-uisge tré ċroiḋe na gcloċ nglas, le foiréigean uilc agus urċóide ċum a ċéile go dtí i dteannta an dá ḃuille ḋéag. D’éirig Illionn Iolċroṫaċ in áirde agus mar ḃí sé níos aoirde ná Oscar d’éirig Oscar in a ḋiaiḋ, agus do ḃuail sé le n-a ċlaiḋeaṁ é i dteora an ċinn agus na colna. Do ḃain sé an ceann dé an iarraċt sin. D’éirig an ceann in áirde sa spéir, agus ṫug sé iarraċt ar teaċt ar an gcolann arís, agus dá dtiocfaḋ an ceann ar an gcolann, do ṁarḃóċaḋ [ṁuirḃfeaḋ] sé Fianna Éireann go léir. D’éirig Oscar de léim amaċ as a ċaḃail, agus do ḃuail se le buille coise an ceann. Do ċuir sé mar reilṫíni in áirde ar an aer é, agus siad atá ag taḃairt solas na hoiḋċe ḋúinn go léir ó ṡoin. Do raġaḋ fear sé troiġṫe idir gaċ aon easna le hOscar as sin go dtí go ḃfuair sé bás, agus an síneaḋ ḃain sé as féin ag baint a ċinn de Illionn Iolċroṫaċ.