Séadna/4
CAIBIDIOL A CEATHAIR.
Gobnait.—Airiú, a Shíle, cá bhfuil Peig?
Síle.—Chuaidh sí anonn go tigh Liam uí Bhuachalla. Ní shásóchadh an saoghal Cáit gan í dhul anonn go bhfeicfeadh sí Éamonn óg. Táimíd bodhar aici féin agus ag Éamonn óg. Dá mbeidhfeá ag caint léi ní fhéadfadh sí dhá fhocal a labhairt gan Éamonn óg thoir thiar thall aici. D’áiteóchadh sí ort go dtugan sé fé ndeara í féin seachas aoinne eile, cheana féin, agus gan é ach seachtmhain! An oídhche fé dheire, sul ar thánaís, dubhairt sí le Peig gur bh’í féin a mháthair, agus ansan gur bh’í féin do bhaist é, agus fé dheire dúbhairt sí go raibh eagla uirthi go n‑íosfadh sí é!
Gobnait.—Ambasa, a Shíle, is cuimhin liom an focal go dian mhaith. Bhíos díreach ag teacht isteach an dorus nuair a airigheas é, agus bhí iongnadh mo chroídhe orm cia air go raibh an cion go léir aici. An dóigh leat an mbeidh Peig abhfad?
Síle.—Ní dóil. Tá tamall mór ó imthigheadar. Dúbhairt sí liom-sa aire mhaith a thabhairt do’n teine, i dtreó go mbéadh sí ar lasadh go breagh rómhat-sa agus roimh Nóra Bhán. Agus dúbhairt sí liom a rádh libh ná déanfadh sí aon ríghneas ach chómh beag agus d’fhéadfadh sí é.
Gobnait.—’Seadh! Sidí Nóra.—Tá tosach agam ort, a Nóra.
Nóra.—Mhaise, is cuma liom, a Ghobnait, nuair ná fuil an sgéal ar siúbhal. Airiú, cá bhfuil Peig?
[ 28 ]Gobnait.—Ní bhéidh aon chuid de’n sgéal anocht againn is baoghalach. Caithfead féin sgéal a dh’innsint dóibh.
Nóra.—Níor chás duit! Cá bhfuil Peig, a Shíle?
Peig.—Tá sí anso, a Nóra, a ghrádh dhil. (Tagaid Peig agus Cáit isteach.)
Nóra (le Gobnait).—Dhé mhaise, sgeimhle ort, a thoice!—Conus tá Éamonn óg, a Cháit?
Gobnait.—’S dócha go bhfuil sé ithte um an dtaca so aici.
Cáit.—Ochón! Oidhé! Is gearr ná féadfaidh aoinne dul uaithi-seo, tá sí ag iompáil amach chómh deisbhéalach!
Gobnait.—Ó, is fíor dhuit, a Cháit. Níor chuimhnigheas riamh orm fhéin. Andaigh ar neóin, ní h‑iongnadh go mbéadh cion agat air agus gur tú féin a mháthair. (Sgeartaid uile ar gháirídhibh.)
Cáit.—Mhaise, le h‑anaman do mharbh, a Pheig, sgaoil chúgainn do sgéal, feuchaint an gcuirfeadh sé stop leó san.
Gobnait.—Déin, a Pheig, agus bain an chluas díom má bhíon gíocs ná míocs as aoinne againn.
Peig.—Cá bhfuil Síle? Cheapas go raibh sí ansan anois beag.
Cáit.—Sidí anso ar an dtaobh thiar díom-sa í, a ceann fém’ fhalaing, mar bhéadh eun beag ag dul fé chirc.
Peig.—Airiú, a Shíle, a chuid, cad tá ort anois?
Síle.—Ach! Ní’l giob, a Pheig, ach ní foláir dom mo cheann a chlúdach go fóil le h‑eagla go gcuirfeadh fear na n‑adharc búirth eile as, agus go bhfeicfinn airís é.
Peig.—Ní baoghal duit.
Síle.—Imtheacht gan teacht air, an cladhaire!
Peig.—Is dócha nár chuid ba lúgha ’ná a fhonn a bhí ar Shéadna an rud ceudna do rádh leis, nuair a tháinig sé chuige féin agus fuair sé é féin ’na aonar. Bhí allus an bháis air agus sgáird ’na dhá shúil, ach ’na thaobh san, pé rud adúbhairt sé, isé ceud rud a dhéin sé ’ná a lámh a chur ’na phóca feuchaint an raibh an sparán aige, agus ambasa bhí. Bhí sé ansúd sa phóca cheudna ’nar chuir sé é, agus isé a bhí go breagh teann agus go breagh trom.
Chuir sé lámh i bpóca eile leis, agus má dhéin, fuair sé an dá cheud púnt a tugadh dó thar cheann an dá sgilling.
“Dá mb’áil liom sgaoileadh leis an uair úd,” ar seisean leis féin, “bhéadh trí cheud agam; ach ní dhéanan san deifirigheacht ar bith, mar d’airigheas ’ghá rádh é go leanfadh an sparán teann, d’aimhdheóin a mbainfí as.
Chuir sé an t‑airgead ’na phóca airís, agus chuir sé chuige an sparán go cruinn agus go h‑aireach sa phóca a bhí ar an dtaobh istigh d’á bhest. D’eirigh sé ’na sheasamh ansan agus chroth sé é féin, agus geallaim dhuit gur ró ghearr a lean cuimhne an sgannradh dhe.
“’Seadh!” ar seisean. “Ní mór dom capall a cheannach agus gan bheith am’ mharbhadh féin ag dul go dtí an t‑Aifrean am’ chuis gach Domhnach agus lá saoire. Agus ní mór dom bó a cheannach agus gan bheith ag brath ar cheann do na h‑ubhlaibh beaga san chun an tarta do bhaint díom. Agus go deimhin is dócha go gcaithfead pósadh, mar conus fhéadfainn féin an bhó do chrúth? Ach pé rud a dhéanfad, ní mór dom rud éigin d’ithe láithreach. Ní raibh a leithéid d’ocras orm le bliaghain!”
[ 30 ]D’fheuch sé suas ar an mealbhóig agus ar an gcathaoir, agus ambasa bhí sórt sgáth’ air dul ’na ngoire. Do iniúch sé ar an dtalamh go cruinn mór-thímpal na cathaoireach, agus má dhéin, do chonaic sé ansúd go gléineach rian na h‑órdóige. Cheap sé go raibh baluith dóighte fós féin uaidh. Chuir sé bárr a mhéire ar an gcathaoir. Ní túisge chuir ’ná bhog sí leis go h‑éasga. Chuir san misneach air agus shuidh sé inti. Bhog sé anonn ’s anall í; bhog sí leis go breagh. Bhí a aigne sásta. Chuir sé lámh sa mhealbhóig agus chrom sé ar a ghreim beag mine do chogaint mar ba ghnáth. Chómh luath agus a bhí tart air, do chuaidh sé amach agus thug sé leis isteach cúpla ceann dos na h‑ubhlaibh agus d’ith sé iad.
Ar maidin lar na mháireach do ghluais sé go moch ag dul ar an aonach go gceannóchadh sé capall agus bó bhainne.
Ba ghearr gur bhuaileadar na cómharsain uime.
“Airiú, a Shéadna, cad d’imthigh um thráthnóna indé ort?” arsa duine acu. “Cheapamair go léir gur b’amhlaidh a thuit caor ar do thigh agus go rabhais loisgithe ad’ bheathaidh. Níor airigheas riamh a leithéid de thóirthnigh.”
“Tá an éagcóir agat,” arsa duine eile. “Níor thóirthneach é ach búirtheach mar ghéimreach thairbh.”
“Éist do bheul,” arsa ’n trímhadh duine. “Cá bhfuil an tarbh d’fhéadfadh an bhúirth úd do chur as?”
“Do bhíos-sa,” arsa ’n ceathramhadh duine, “am’ shuidhe i mullach Charaige an Eidhneáin agus bhí radharc agam ar an dtigh, agus nuair airigheas an fothrom go léir d’fheuchas anonn agus chonac mar a bhéadh fiolar agus grathain chíor-dhubh phriachán ag eirighe i n‑áirde sa spéir, agus bhí iongnadh orm a rádh go bhféadfaidís a leithéid d’fhothrom a dhéanamh.”
[ 31 ]Thiomáineadar leó ar an gcuma san, ag caint agus ag áiteamh agus ag cur thré chéile, agus níor labhair Séadna focal. Choimeádadar an chaint chúca féin, agus níor mhór leis dóibh é. Ní raibh dúil ar bith aige i gcaint, le h‑eagla go sleamhnóchadh aon fhocal uaidh do osglóchadh a aigne. D’á éaghmuis sin agus uile, bhí fáth machtnaimh aige a choimeád ar siúbhal é. Bhí sé ag cuimhneamh ar an gcapall agus ar an mboin agus ar cad a déarfaidís na cómharsain uile nuair a chífidís ar marcaigheacht é. D’fhiarfhóchaidís cá bhfuair sé an t‑airgead. Cad é an leath-sgeul a bhéadh aige le tabhairt uaidh?
Nuair a shroiseadar páirc an aonaigh agus chonaic Séadna na capaill go léir, do tháinig mearbhall air, agus ní fheidir sé cad ba mhaith dhó a dhéanamh. Bhí capaill mhóra ann agus capaill bheaga, seana chapaill agus capaill óga, capaill dhubha agus capaill bhána, capaill ghlasa agus capaill bhreaca, capaill ag siosaraigh agus capaill ag léimrigh, capaill a bhí go deagh-chroicinn groidhe cumasach agus braimíní gránda giobalacha. Eatortha uile go léir, bhí sé ag teip air glan a aigne do shocarughadh ar an gceann a thaithneóchadh leis.
Fé dheire, do leig sé a shúil ar chapall dheas chíor-dhubh a bhí go fuinte fáisgithe ag falaracht ar fuid na páirce agus marcach éadtrom lúthmhar ar a mhuin. Dhruid Séadna suas, agus do bhagair sé ar an marcach. Sul a raibh uain ag an marcach é thabhairt fé ndeara, do ghluaiseadar triúr marcach eile thairis amach, agus ghluaiseadar a gceathrar an pháirc siar ar a léim-lúth. Bhí claidhe dúbalta idir iad agus an pháirc amuich, agus d’imthigheadar a gceathrar go h‑éasga éadtrom seólta de dhruim an chlaidhe sin, gan bárr coise tosaigh ná deirigh do chur ann. Siúd ar aghaidh iad lom díreach agus gan órlach sa mbreis ag aoinne acu ar a chéile. Siúd [ 32 ]ar aghaidh iad, ucht agus cúm seang gach capaill ag cimilt nach mór do’n bhfeur glas a bhí ar an bpáirc, ceann gach capaill sínte go h‑iomlán, ceann gach marcaigh cromtha anuas agus iad ag gluaiseacht mar ghluaiseóchadh sídhe gaoithe.
Ní raibh duine, óg ná aosda, ar an aonach ná raibh ’na choilg-sheasamh ag faire ortha ach amháin fear na méaracán. Nuair a bhíodar ag déanamh ar an darna claidhe, thug gach aoinne fé ndeara go raibh an capall dubh buille beag ar tosach. Nuair a bhíodar ag glanadh an chlaidhe, do ghluais an capall dubh agus an capall ba ghiorra dhó d’á dhruim, mar a ghluaiseóchadh an priachán, gan baint leis. Do chuir an dá cheann eile na cosa ann. D’imthigh an fód ó chosaibh an chapaill ba shia amach, agus thuit sé féin agus a mharcach ar an dtaobh eile ’chlaidhe.
“Ó!! Tá sé marbh!” do liúghadar na daoine go léir. Ní raibh an liúgh as a mbeul nuair a bhí sé thuas airís, ach má ’seadh bhí a chapall bacach agus b’éigean dó filleadh.
Siúd ar aghaidh an triúr agus an t‑aonach ag faire ortha, na daoine chómh ciúin sin gur airigh Séadna go soiléir na buillí fuinte ceólmhara tómhaiste cruadha a bhuaileadh cosa na gcapall san ar fhód na páirce, díreach mar bhéadh rinnceóir ag rinnce ar chlár.
Thug Séadna fé ndeara um an dtaca so go raibh an capall dubh go maith ar tosach, agus é ag déanamh, ceann ar aghaidh, ar bhata a bhí ’na sheasamh ’sa pháirc agus éadach éigin dearg ’na bhárr. Siúd tímpal an bhata san é. Siúd ’na dhiaigh an tarna capall. Siúd ’na dhiaigh sin an trímhadh capall. Siúd ar aghaidh i ndiaigh a chéile iad, i leith na láimhe clé, soir ó thuaidh, an capall dubh ar tosach, agus é ag bogadh uatha. Do ghéaruigh an capall deirig [ 33 ]agus bhí sé ag breith suas ar an darna capall. Do ghéaruigh san, agus bhíodar araon ag breith suas ar an gcapall ndubh. Ansan do chonaic Séadna agus an t‑aonach an radharc. Do shearg an capall dubh san é féin, do bhog an marcach an tsrian chuige, agus siúd amach é mar a ghluaiseóchadh cú agus gur dhóigh leat ná raibh cos leis ag baint le talamh, ach é ag imtheacht i n‑aice an tailimh mar a bhéadh seabhac.
Le n‑a linn sin d’eirigh liúgh fhiaigh ó’n áit thoir thuaidh go raibh na capaill ag déanamh air. Do tógadh an liúgh mór-thímpal an aonaigh. B’éigean do Shéadna a mhéarana do chur ’na chluasaibh nó go sgoiltfí a cheann. Bhí gach aoinne ag ruith agus gach aoinne ag liúirigh. Do rith Séadna agus do liúigh sé leó agus ní raibh a fhios aige cad ar a shon.
Nuair a stad an ruith agus an liúireach, do chonaic Séadna ar a aghaidh amach seisear nó móir-sheisear daoine uaisle agus ceann feóla agus bolg mór agus culaith éadaigh uasail ar gach aoinne acu, agus iad ag caint le n‑a chéile agus ag feuchaint ar an gcapall ndubh.
“An mór ar a ndíolfá é?” arsa duine acu leis an marcach.
“Ar mhíle púnt,” arsa ’n marcach.
Nuair airigh Séadna an focal san, d’iompuigh sé ar a sháil, a’ rádh ’na aigne féin, “Ní bhéadh aon ghnó agam dé. Do mharbhóchadh sé mé.”
Cia bhéadh ar an dtaobh thiar de ach fear na méaracán!
“Mharbhóchadh sé thú, an eadh?” arsa fear na méaracán. “Aidhé mhaise, greadadh chúgat! a ghréasaidhe bhig bhuídhe na mealbhóige, de shíol taoíbhíní ruadh agus meanuithí ramhar agus bréan-bhróg, murab ort atá an t‑eirighe i n‑áirde, ag teacht anso chun capaill a cheannach agus gan phingin ad’ phóca!”
[ 34 ]Nuair airigh Séadna an méid sin do dhruid sé i leath-taoibh. Do shleamhnuigh sé lámh leis síos ’na phóca. Ambasa bhí sé folamh! Chuarduigh sé póca eile——folamh chómh maith! Chuir sé lámh isteach ’na bhrollach, ag lorg an sparáin. Ní raibh a thuairisg ann. Thug sé strac-fheuchaint ar fhear na méaracán. Bhí sé sin i bhfeighil a ghnótha féin, gan aon tsuím aige i Séadna ach chómh beag agus ná feicfeadh sé riamh é.
“Seadh!” arsa Séadna leis féin, “tá deire leis an mustar. Is usaide é ó baineadh an easgaine de’n mhealbhóig agus de’n chathaoir agus de’n chrann. Ní dócha gur bh’fhéidir í a bheith curtha suas airís. Pé i n‑Éirinn é, ní’l agam le déanamh anois ach dul agus feuchaint an bhféadfainn raint leathair a cheannach, agus dul agus claoidh leis an ngnó is fearr atá ar eólas agam. Má’s bréan-bhróga iad ní bhfaighid na daoine a chaithean iad aon locht ortha. Is mairg ná bíon sásta le n‑a chuid féin, d’á luíghead é. Dá mbéadh mo thrí sgillinge agam anois do dhéanfaidís mo ghnó chómh maith leis na ceudtaibh go léir. Ach tá go maith. Ní fearr bheith ag caint air mar sgeul. Raghad ag triall ar Dhiarmuid Liath agus b’fhéidir go dtabharfadh sé raint leathair ar cáirde dhom chun go dtiocfadh airgead na mbróg isteach. Thug sé cáirde cheana dhom, agus dhíolas é go cruinn agus go macánta.
Um an dtaca go raibh an méid sin machtnaighthe aige, bhí sé ag déanamh, ceann ar aghaidh, ar dhorus Dhiarmuda. Bhí Diarmuid féin ’na sheasamh ’dir dhá lígh an doruis.
“Airiú, a Shéadna, an tú san?” arsa Diarmuid.
“Is mé cheana,” arsa Séadna. “An bhfuilir go láidir, a Dhiarmuid?”
“Tá an tsláinte againn, moladh le Dia dh’á chionn! Ach cad é seo d’imthigh ort-sa le déanaighe? Táir i [ 35 ]mbeul gach aoinne, agus ní mar a chéile aon dá sgeul ná aon dá thuairisg ort. Deir duine go bhfeacais sprid. Deir duine eile gur thuit an tigh ort. Deir duine eile gur mhairbh splannc tú. Deir an ceathramhadh duine go bhfuarais airgead ag dul amú’. Agus mar sin dóibh, gach aoinne agus a shocarughadh féin aige ort. Cad a dhéinis? Nó cad tá ar siúbhal agat? Nó cad fé ndear an obair seo go léir?”
“Ní fheadar an tsaoghal, a Dhiarmuid. Ach dar liom-sa tá aon nídh amháin soiléir go leór. Is é sin ná fuaras airgead ag dul amú’. Is dócha dá bhfuighinn ná béinn ag teacht anso anois ag brath air go bhfuighinn raint leathair uaitse ar cáirde mar a fuaras cheana.”
“Mhaise, andaigh féin gheóbhair agus fáilte. An mór atá uait?”
“Dá mbéadh oiread agam agus a dhéanfadh bróga do bheirt níor bheag liom é an turus so, agus nuair a bheidís sin díolta agus an t‑airgead agam, dhíolfainn tusa agus thógfainn tuille.”
“Tá sé chómh maith agat an tuille do bhreith leat anois d’aon iaracht. Beir leat luach púint.”